Gaois.QueryLogger (ASP.NET Core)

  • GitHub
  • NuGet

Logálaí simplí iarratais is féidir a chumrú le haghaidh fheidhmchláir ASP.NET Core 2.1+. Tá réamhrá ginearálta don leabharlann ar fáil anseo.

Suiteáil agus cumrú

Bunachar sonraí

  1. Tabhair cead rochtana ar bhunachar sonraí don fheidhmchláir.
  2. Rith an script SQL chun tábla QueryLogs a chruthú sa bhunachar sonraí céanna.

Feidhmchlár

Cuir an pacáiste NuGet Gaois.QueryLogger.AspNetCore le tionscadal ar bith de chuid ASP.NET Core 2.1+.

dotnet add package Gaois.QueryLogger.AspNetCore

Ansin, in Startup.cs, cumraigh an modh ConfigureServices ach glaoch a chur ar services.AddQueryLogger(). Beidh ort ainm feidhmchláir agus teaghrán ceangail don stóras sonraí de chuid SQL Server a roghnaíonn tú a chur leis:

services.AddQueryLogger(settings =>
{
    settings.ApplicationName = "RecordsApp"
    settings.Store.ConnectionString = configuration.GetConnectionString("query_logger");
});

De rogha air sin, lódáil an chumraíocht ó do chomhad appsettings.json:

services.AddQueryLogger(configuration.GetSection("QueryLogger"));

Nó is féidir leat an dá chur chuige a mheascadh:

services.AddQueryLogger(configuration.GetSection("QueryLogger"), settings =>
{
    settings.IsEnabled = !environment.IsDevelopment();
});

Is féidir leat an treoir using Gaois.QueryLogger a chur le comhad C# ar bith anois chun rochtain a fháil ar mhodhanna agus ar sheirbhísí na leabharlainne.

Úsáid

Cuirtear Gaois.QueryLogger i bhfeidhm in ASP.NET Core ach gnásanna molta na creatlaí maidir le hinteilgean spléachas a úsáid. Cuir inteilgean an logálaí iarratais chuig cruthaitheoir aicme tríd an gcomhéadan IQueryLogger:

private readonly IQueryLogger _queryLogger;

public RecordsController(IQueryLogger queryLogger)
{
    _queryLogger = queryLogger;
}

var query = new Query { QueryCategory = "birth_records", QueryTerms = "test", QueryText = Request.Url.Query };
_queryLogger.Log(query);

Iarratas a logáil

Glacann an modh Log() le go leor oibiachtaí Query mar pharaiméadair.

Úsáid shamplach:

var query = new Query()
{
    QueryCategory = "birth_records",
    QueryTerms = "John Doe Jr.",
    QueryText = Request.Url.Query,
    ResultCount = 27
};

_queryLogger.Log(query);

Faigheann an leabharlann airíonna Host an tsuímh gréasáin agus IPAddress an chliaint ón gcomhthéacs HTTP go huathoibríoch. Mar an gcéanna, mura sonraíonn tú airí QueryID (i bhfoirm GUID), cruthófar ceann duit. Is féidir leat aon cheann de na luachanna seo a pobalaíodh go huathoibríoch a fhorscríobh ach an t-airí ábhartha a shonrú san oibiacht Query, áfach. Féach an liosta iomlán de shonraí iarratais is féidir a shonrú anseo.

Baineann cur chuige fire-and-forget leis an modh Log(), cuirtear iarratais go sioncronach le ciú logálaí atá snáithe-oiriúnach agus déantar próiseáil go haisioncronach orthu i snáithe eile agus an patrún Táirgeora-Tomhaltóra á chur i bhfeidhm. Ciallaíonn sé sin nach gcuireann logáil aon taca le haga freagartha an fhreastalaí i ndáiríre. Ag an am céanna, cruthaíodh Gaois.QueryLogger agus lamháltas lochtanna agus láimhseáil earráide ar intinn againn. Tuilleadh faisnéise anseo.

Iarratais ghaolmhara a chomhcheangal

Más mian leat iarratais ghaolmhara a chur i ngrúpa le chéile — mar shampla, iarratais dhifriúla chuardaigh a ritheadh ar leathanach amháin — sann an t-airí QueryID céanna do gach ceann de na hiarratais ghaolmhara:

var queryID = Guid.NewGuid();
var searchText = "John Doe Jr.";

var births = new Query()
{
    QueryID = queryID,
    QueryCategory = "birth_records",
    QueryTerms = searchText
};

var deaths = new Query()
{
    QueryID = queryID,
    QueryCategory = "death_records",
    QueryTerms = searchText
};

_queryLogger.Log(births, deaths);

Cumrú

Mar a dhéantar cur síos air thuas, is féidir leat an modh services.AddQueryLogger() a chumrú in Startup.cs chun socruithe an logálaí iarratais a chumrú:

services.AddQueryLogger(settings =>
{
    settings.IsEnabled = !environment.IsDevelopment();
    settings.StoreClientIPAddress = false;
    settings.Store.ConnectionString = Configuration.GetConnectionString("query_logger");
});

Is féidir leat an chumraíocht a lódáil ó do chomhad cumraíochta JSON freisin:

{
  "QueryLogger": {
    "ApplicationName": "RecordsApp",
    "IsEnabled": true,
    "Store": {
      "ConnectionString": "Server=localhost;Database=recordsappdb;Trusted_Connection=True;"
    },
    "Email": {
      "ToAddress": "me@test.ie",
      "FromAddress": "test@test.ie",
      "FromDisplayName": "RecordsApp — QueryLogger",
      "SMTPHost": "smtp.myhost.net",
      "SMTPPort": 587,
      "SMTPUserName": "MY_USERNAME",
      "SMTPPassword": "MY_PASSWORD",
      "SMTPEnableSSL": true
    },
    "ExcludedIPAddresses": [
      { "name": "Bingbot", "ipAddress": "40.77.167.0" },
      { "name": "Bingbot", "ipAddress": "207.46.13.0" }
    ]
}

Féach an liosta iomlán de shocruithe is féidir a chumrú anseo. Déantar cur síos sa chuid eile den mhír seo ar bhealaí úsáideacha chun leas a bhaint as na socruithe cumraíochta.

An logálaí iarratais a chumasú/a dhíchumasú go huilíoch

Cumasaítear an logálaí iarratais de réir réamhshocraithe. D’fhéadfadh ócáidí nó timpeallachtaí áirithe a bheith ann, le haghaidh tástáil nó cuspóirí eile, áfach, inar mhaith leat an logálaí iarratais a dhíchumasú gan gach ordú iarratais a thimfhilleadh ina loighic choinníollach féin. Chun freastal air seo, díchumasaigh an logálaí iarratais go huilíoch laistigh de d’fheidhmchláir ach IsEnabled a shocrú ag false.

services.AddQueryLogger(settings =>
{
    settings.IsEnabled = false;
    settings.Store.ConnectionString = Configuration.GetConnectionString("query_logger");
});

Ainm an fheidhmchláir a chumrú

Cumraigh ainm an fheidhmchláir go huilíoch le nach mbeidh ort é a shonrú le haghaidh gach oibiacht Query a chruthaíonn tú.

services.AddQueryLogger(settings =>
{
    settings.ApplicationName = "My Application";
    settings.Store.ConnectionString = Configuration.GetConnectionString("query_logger");
});

Anaithnidiú IP a chumrú

Úsáid oibiacht na socruithe chun anaithnidiú sheoladh IP an úsáideora a chumrú.

services.AddQueryLogger(settings =>
{
    settings.Store.ConnectionString = Configuration.GetConnectionString("query_logger");
    settings.AnonymizeIPAddress = IPAddressAnonymizationLevel.None;
});

Faoi láthair, is ionann na leibhéil anaithnidithe atá ar fáil agus None (níor cuireadh anaithnidiú i bhfeidhm) agus Partial (baintear an t-ochtréad deireanach de sheoladh IPv4 an chliaint nó an 80 giotán deireanach de sheoladh IPv6).

Is féidir leat cosc a chur leis an logálaí seoltaí IP a bhailiú ar an gcéad dul síos ach an socrú StoreClientIPAddress a chumrú:

services.AddQueryLogger(settings =>
{
    settings.Store.ConnectionString = Configuration.GetConnectionString("query_logger");
    settings.StoreClientIPAddress = false;
});

Nuair a shocraítear StoreClientIPAddress ag false, taifeadfar an luach PRIVATE sa cholún IPAddress de thábla an logálaí iarratais a bhaineann le do bhunachar sonraí. Má shocraítear StoreClientIPAddress ag true, ach mura féidir seoladh IP an chliaint a fháil ón gcomhthéacs HTTP ar chúis éigin, taifeadfar luach UNKNOWN.

Logaí comhiomlánaithe iarratais agus anailís ar logaí

In Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU comhiomlánaímid sonraí achoimre ó thábla na logaí iarratais go míosúil agus stórálaimid i dtábla bunachair sonraí eile iad. Chuireamar struchtúr an tábla agus na gnásanna stóráilte a bhainistíonn an próiseas ar fáil i bhfillteán na scripteanna i stórlann GitHub Gaois.QueryLogger sa chás go mbeidh aon duine eile ag iarraidh úsáid a bhaint astu. Tá eintiteas AggregratedQueryLog ag Gaois.QueryLogger chomh maith a chomhfhreagraíonn d’iontrálacha i dtábla na logaí comhiomlánaithe. Faightear cuid de na hiarratais níos ginearálta SQL a úsáidimid chun sonraí logaí a achoimriú agus a anailísiú i bhfillteán na scripteanna.

Gaois

Our apologies

This website is not compatible with the Microsoft Internet Explorer web browser. Please use Chrome, Edge, Firefox, Opera, or another modern browser to access the website content.

Contact us at gaois@dcu.ie if you have any questions.