Sonraí iarratais a chur leis
Tá an oibiacht Query i gcroílár Gaois.QueryLogger. Iompraíonn oibiachtaí Query sonraí an iarratais a logálfar i do stóras sonraí. Pobalóidh Gaois.QueryLogger sonraí áirithe iarratais go huathoibríoch, amhail óstach an fheidhmchláir nó IP an chliaint, roimh logáil ach caithfidh d’fheidhmchlár sonraí eile a shonrú. Is féidir gach iompraíocht réamhshocraithe a shárú. Déantar cur síos sa chuid eile den doiciméad seo ar na hairíonna éagsúla atá ar fáil chun sonraí d’iarratais a stóráil agus ar mhodhanna a d’fhéadfaí a ghlaoch ar an oibiacht Query.
Sonraí
QueryID (Guid): ID uathúil a léiríonn iarratas ar leith nó grúpa iarratas. Cruthófar ID iarratais go huathoibríoch mura sonraíonn d’fheidhmchlár é.
ApplicationName (string): Ainm an fheidhmchláir a ritheann an t-iarratas. Aisghabhfar ainm an fheidhmchláir ó do shocruithe cumraíochta mura sonraítear i gcód é.
QueryCategory (string): Ceanglaíonn sé an t-iarratas le catagóir a shonraigh an feidhmchlár. Tá sé úsáideach, mar shampla, má tá cineálacha éagsúla cuardaigh agat laistigh d’fheidhmchlár amháin (roghnach).
QueryTerms (string): Téarma(í) an iarratais nó comhthéacs théacs an iarratais (roghnach).
QueryText (string): Téacs lom an iarratais, amhail teaghrán iarratais nó réimse foirme POST-ed (roghnach).
Host (string): Fearann óstach an fheidhmchláir, e.g. www.example.com. Gheofar go huathoibríoch ón gcomhthéacs reatha HTTP é mura sonrófar a mhalairt.
IPAddress (string): Seoladh IP an chliaint. Gheofar go huathoibríoch ón gcomhthéacs reatha HTTP é mura sonrófar a mhalairt.
ExecutedSuccessfully (bool, réamhshocrú: true): Taifeadann sé cé acu a d'éirigh leis an iarratas rith nó nár éirigh.
ExecutionTime (int?): Aga rite an iarratais i milleasoicindí (roghnach).
ResultCount (int?): Comhaireamh na dtorthaí a chuir an t-iarratas ar ais (roghnach).
LogDate (DateTime): Dáta agus am logáil an iarratais. Ginfear luach go huathoibríoch don airí seo nuair a logálfar é mura sonrófar a mhalairt.
JsonData (string): Sonraí breise a thaifeadadh i bhformáid JSON. Tá sé úsáideach chun sonraí sainiúla feidhmchláir nó iarratais a stóráil i dtimpeallacht ilfheidhmchláir, mar shampla.
Modhanna
ToJson() (string): Cuireann sé léiriú JSON ar oibiacht Query ar ais.
FromJson() (Query): Díshrathaíonn sé an JSON a cuireadh ar fáil ina oibiacht Query.