Gaois.Localizer

  • GitHub
  • NuGet

Tabhair faoi deara: Is leagan réamheisiúna é seo ar mhaithe le tástáil. Bí ag súil le roinnt athruithe briste agus le modhanna athainmnithe API sula mbeidh eisiúint 1.0 againn.

Foireann uirlisí i dtaca le feidhmchláir ghréasáin ilteangacha a thógáil ar ASP.NET Core atá anseo. Cuireann sé meánearraí logánaithe is féidir a chumrú ar fáil, lena n-áirítear bailíochtóirí chultúr an iarratais, bainistíocht fianán, láimhseálaithe eisceachtaí agus rialacha maidir le URL a athscríobh. Timfhilleann agus breisíonn siad feidhmeanna dúchasacha domhandaithe agus logánaithe na creatlaí chun an dua a bhaint de shuíomhanna gréasáin logánaithe a thógáil.

D'fhorbair Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU an leabharlann agus tá sí in úsáid againn chun feidhmchláir ghréasáin ilteangacha dár gcuid féin a thógáil.

Gnéithe

Cuireann an leabharlann feidhmiúlacht ar an bpointe boise ar fáil a cheadaíonn duit:

  • Cultúr an iarratais a fháil ó pharaiméadair chosán URL amhail www.mymultilingualapp.com/en-GB/about/ agus www.mymultilingualapp.com/ga/about/.
  • Fianáin agus ceanntásca HTTP Accept-Language a úsáid chun tátal a bhaint as an gcultúr atá ón úsáideoir nuair a thugann siad cuairt ar leathanach baile an tsuímh gréasáin, e.g. www.mymultilingualapp.com, áit nach bhfaightear aon pharaiméadar cosáin.
  • Iarratais ar chultúir gan tacaíocht a láimhseáil, ach leathanach earráide 404 a chur ar ais nó an t-úsáideoir a atreorú chuig leathanach sa teanga réamhshocraithe.
  • Gan róid áirithe a chur faoi thionchar na meánearraí logánaithe.
  • Socruithe a bhaineann le fianáin logánaithe a bhainistiú agus a chumrú ionas go bhféadfaí roghanna teanga an úsáideora a choinneáil le linn na seisiún brabhsála.
  • Cinneadh ar chóir go n-atreorófaí na húsáideoirí chuig URL logánaithe nuair a dhéanann siad iarratas ar leathanach baile an tsuímh gréasáin don chéad uair.
  • Cásanna a láimhseáil ina dteastaíonn uait cód teanga ISO sa URL ina bhfuil dhá nó trí litir a mhapáil go hinmheánach le réigiún nó le fochlib breisithe teanga.

Is féidir an chuid is mó de na gnéithe seo a chumrú: cuirtear réamhshocruithe ciallmhara ar fáil, ach is féidir leat na cineálacha atreoruithe a úsáidtear, tréimhse bhailí fianán logánaithe, etc., a shonrú. Smaoiníodh ar SEO agus an leabharlann á dearadh, agus tugann an tsuiteáil réamhshocraithe réiteach optamach logánaithe dúinn maidir leis an innéacsú a dhéanann na príomhinnill chuardaigh. Oibríonn na meánearraí logánaithe go maith, fiú nuair a ritear i gcomhadlann fhíorúil iad.

Suiteáil agus cumraigh

Cuir an pacáiste Gaois.Localizer le tionscadal ASP.NET Core 2.1+ ar bith.

dotnet add package Gaois.Localizer

In Startup.cs, cuir an treoir using Gaois.Localizer ag barr an chomhaid. Déantar an chumraíocht ar fad ar an bpacáiste sa chomhad seo. Braitheann an chumraíocht a bhaineann le d’iarratas ar do chuid riachtanas féin.

Cumraíocht bhunúsach

  1. Cuir na meánearraí app.UseLocalizer() leis an modh Configure áit ar bith tar éis app.UseStaticFiles() (más ann dó) agus roimh app.UseMvc(), mar seo a leanas:
public void Configure(IApplicationBuilder app, IHostingEnvironment env)
{
    if (env.IsDevelopment())
    {
        app.UseDeveloperExceptionPage();
    }
    else
    {
        app.UseExceptionHandler("/Error");
        app.UseStatusCodePagesWithReExecute("/Error/{0}");
    }

    app.UseStaticFiles();

    app.UseLocalizer();

    app.UseMvc(routes =>
    {
        routes.MapRoute(
            name: "default",
            template: "{controller=Home}/{action=Index}/{id?}");
    });
}
  1. Mionathraigh an modh ConfigureServices:
public void ConfigureServices(IServiceCollection services)
{
    services.AddLocalization(options =>
    {
        options.ResourcesPath = "Resources";
    });

    services.AddMvc()
        .SetCompatibilityVersion(CompatibilityVersion.Version_2_1)
        .AddRazorPagesOptions(options =>
        {
            options.RootDirectory = "/Pages";
            options.Conventions.AddPageRoute("/Index", route: "{culture?}");
            options.Conventions.AddPageRoute("/About", route: "{culture}/about/{id?}");
            options.Conventions.AddPageRoute("/Error", route: "/Error/{0}");
        })
        .AddViewLocalization(LanguageViewLocationExpanderFormat.Suffix, options =>
        {
            options.ResourcesPath = "Resources";
        })
        .AddDataAnnotationsLocalization();

    services.AddLocalizer(options =>
    {
        var supportedCultures = new[]
        {
            new CultureInfo("en-GB"),
            new CultureInfo("ga-IE")
        };
        options.SupportedCultures = supportedCultures;
        options.SupportedUICultures = supportedCultures;
        options.DefaultRequestCulture = new RequestCulture(culture: "en-GB", uiCulture: "en-GB");
    });
}

Tá na roghanna SupportedCultures, SupportedUICultures agus DefaultRequestCulture riachtanach.

Cultúr an iarratais a fháil

Is é príomhsprioc an phacáiste seo ná éascaíocht a dhéanamh maidir le tuiscint a fháil ar an teanga a úsáidfidh an t-úsáideoir agus é ag dul isteach i do shuíomh gréasáin ionas gur féidir leis an bhfeidhmchlár an cultúr ceart a shocrú agus na hábhair a logánú ón úsáideoir. Gheobhaidh tú a bhfuil uait chun cultúr an iarratais a léirmhíniú ó URL sa chumraíocht íosta a pléadh roimhe seo.

public void ConfigureServices(IServiceCollection services)
{
    ...

    services.AddLocalizer(options =>
    {
        var supportedCultures = new[]
        {
            new CultureInfo("en-GB"),
            new CultureInfo("ga-IE")
        };
        options.SupportedCultures = supportedCultures;
        options.SupportedUICultures = supportedCultures;
        options.DefaultRequestCulture = new RequestCulture(culture: "en-GB", uiCulture: "en-GB");
    });
}

Liostaítear sna hathróga supportedCultures na teangacha agus na cineálacha cultúr ar mhaith linn tacú leo san fheidhmchlár. Cuireann an DefaultRequestCulture an tacachumas deiridh ar fáil mura féidir tátal a bhaint as an gcultúr atá ag teastáil ón iarratas HTTP.

Parsálann na meánearraí logánaithe an t-iarratas HTTP agus cuireann siad sprioc-chultúr ar ais de réir na gcritéar seo a leanas:

  1. Paraiméadar chosán an chultúir, i.e. clib teanga IETF, in URL an iarratais (e.g. an paraiméadar 'ga-IE' in www.mymultilingualapp.com/ga-IE/).
  2. Bíonn fianán cultúir san iarratas a fuarthas ón suíomh gréasáin roimhe seo (féach thíos).
  3. Shonraigh an t-úsáideoir an teanga atá uaidh sa bhrabhsálaí (a fuarthas tríd an gceanntásc HTTP Accept-Language) a mheaitseálann ceann de chultúir an fheidhmchláir a dtacaítear leo.
  4. An teanga réamhshocraithe a sonraíodh sa tseirbhís RequestLocalizationOptions.

Úsáidfear an chéad chritéar a chuireann toradh neamhnialasach ar ais. Mar sin de, taispeánfar leathanach sa Rúisis d’úsáideoir a théann isteach in www.mymultilingualapp.com/ru-RU/, is cuma na socruithe brabhsálaí atá aige. Taispeánfar leathanach sa Bhéarla d’úsáideoir a roghnaíonn en mar a theanga roghnaithe agus a thugann cuairt ar www.mymultilingualapp.com.

Déanfar na seiceálacha seo nuair a bhaintear an modh app.UseLocalizer() amach i rith an iarratais. Is féidir leis na meánearraí agus loighic an fheidhmchláir a ghlaoitear ina dhiaidh seo rochtain a fháil ar chultúr an iarratais tríd an oibiacht CultureInfo.CurrentCulture.

Paraiméadar chosán an chultúir a chumrú

De réir réamhshocraithe, glacann Gaois.Localizer leis go gcumsaítear sa chéad pharaiméadar de chuid chosán an iarratais, i.e. paraiméadar ga-IE in URL www.mymultilingualapp.com/ga-IE/about/our-story/, faisnéis an sprioc-chultúir, mar a dhéantar de ghnáth. Is féidir leat an feidhmchlár a chumrú chun innéacs difriúil paraiméadair a úsáid, áfach:

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.RouteCulture.CultureParameterIndex = 2;
});

Déanfaidh an feidhmchlár iarracht anois an dara paraiméadar cosáin san iarratas a úsáid nuair atá cultúr an iarratais á mheas aige. Ciallaíonn sé seo go n-oibreoidh URL ar nós www.mymultilingualapp.com/shop/fr-FR/products/ mar a bheifeá ag súil leis.

Focal faoi SEO

Is dócha gurb é seo an ghné is teanntásaí den leabharlann seo, agus tugtar tús áite i gcónaí do chultúr a fhaightear ó pharaiméadar cosáin URL i bhfianán cliaint nó i socruithe ceanntáisc HTTP. Má thugann úsáideoir cuairt ar www.mymultilingualapp.com/en-GB/ agus más é Béarla na Stát Aontaithe (en-US) a theanga roghnaithe don bhrabhsálaí, gheobhaidh sé an leathanach i mBéarla na Ríochta Aontaithe (en-GB) fós, ar choinníoll go dtacaítear leis an gcultúr seo laistigh den fheidhmchlár. Ciallaíonn sé seo (i) go bhfaigheann úsáideoirí an leathanach lena raibh siad ag súil nuair a chliceáil siad ar an URL, agus (ii) gur féidir le ransaitheoirí cuardaigh URL a cheangal le hábhar logánaithe go hiontaofa. Creidimid go bhfuil sé seo barrmhaith do SEO agus d’eispéireas an úsáideora. Ach an leathanach a oscailt, ba chóir go mbeadh úsáideoirí in ann teangacha a athrú dá ndeoin féin trí mhalartóir tiomnaithe teanga sa UI.

Cultúir gan tacaíocht

Cad a tharlaíonn nuair a ionchuireann úsáideoir URL ina bhfuil cultúr gan tacaíocht? Mar shampla, má thacaíonn do shuíomh le hábhar sa Spáinnis agus sa Phortaingéilis, ach tugann an t-úsáideoir fochlib don réigiún fr-FR sa URL. Go hinmheánach, caithfidh na meánearraí logánaithe CultureNotFoundException sa chás seo. Cuireann Gaois.Localizer dhá bhealach ar fáil chun an earráid seo a láimhseáil.

Cód stádais '404 Not Found' a chur ar ais

De réir réamhshocraithe, cuirfear cód stádais HTTP '404 Not Found' ar ais mar fhreagrairt ar iarratas ar chultúr gan tacaíocht agus taispeánfar teachtaireacht oiriúnach don úsáideoir, ar choinníoll gur cumraíodh ród don leathanach earráide. Seans gurb é seo an cur chuige is fearr maidir le SEO. Ní bheidh amhras ar bith ar innill chuardaigh nach bhfuil ábhar ar fáil ag an URL a iarradh.

An t-úsáideoir a atreorú chuig leathanach sa chultúr réamhshocraithe

I gcásanna áirithe, b’fhéidir gurb é seo an rogha is fearr d’eispéireas an úsáideora. Nuair a théitear isteach in URL ina bhfuil cultúr gan tacaíocht, atreorófar an cliant chuig leathanach coibhéiseach i gcultúr réamhshocraithe an fheidhmchláir. Chun é seo a chur i bhfeidhm, cumraigh RequestCultureRerouter sa modh ConfigureServices in Startup.cs. De réir réamhshocraithe, cuirfidh an fhreagairt atreorú 302 chuig an gcosán céanna le paraiméadar nuashonraithe cultúir ar ais.

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.RequestCultureRerouter.RerouteRequestCultureExceptions = true;
});

An t-athródaire a chumrú

Is féidir leat tuilleadh cumraíochta a dhéanamh ar an ródaire le gur féidir leis cód stádais difriúil HTTP a sheoladh sa fhreagairt nó atreoruithe a ródú ar chosán ar leith.

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.RequestCultureRerouter.RerouteRequestCultureExceptions = true;
    options.RequestCultureRerouter.StatusCode = 301;
    options.RequestCultureRerouter.ResponsePath = "/en-GB/lost/";
});

Róid a fhágáil ar lár

B’fhéidir go n-úsáidfeá an chéad pharaiméadar de do chosán iarratais chun an sprioc-chultúr a léiriú an chuid is mó den am, ach b’fhéidir gur mhaith leat róid áirithe a fhágáil ar lár sa phíblíne logánaithe, mar shampla www.mymultilingualapp.com/api/v1.2. Ach an chumraíocht ar an bpointe boise a úsáid, caithfidh URL dá leithéid CultureNotFoundException. Is féidir leat é seo a chosc, áfach, ach róid áirithe a fhágáil ar lár laistigh de chumraíocht do sheirbhíse:

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.RouteCulture.ExcludedRoutes.Add(@"^/api");
    options.RouteCulture.ExcludedRoutes.Add(@"^/content");
});

Úsáidtear teaghráin shloinn rialta chun sainmhíniú a thabhairt ar chosáin. Cuirtear róid a thosaíonn le /error, e.g. /Error/error/{0}/, leis an liosta eisiaimh de réir réamhshocraithe chun fadhbanna i dtaca le ródú ciorclach a sheachaint nuair a chaitear CultureNotFoundException.

Fianáin logánaithe

Nuair a thugann úsáideoir cuairt ar do shuíomh gréasáin, seans go socróidh siad teanga eile a roghnú trí mhalartóir teanga nó trí shaoráid UI den chineál céanna. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach rogha an úsáideora a stóráil i bhfianán ionas go gcuimhneoidh an feidhmchlár ar an rogha agus gur féidir leis an úsáideoir tosú arís san áit ar stop sé an chéad uair eile. Ar an dea-uair, tá soláthraí ionsuite in ASP.NET Core a iarcheanglaíonn fianáin chultúir leis an bhfreagairt HTTP. Timfhilleann Gaois.Localizer an soláthraí seo i loighic úsáideach a fhaightear i bpíblíne rite an iarratais: níl ar iarratais POST nó ar rialaitheoirí breise roghanna teanga an úsáideora a shocrú nó a nuashonrú, mar sin de. Níl ort ach an modh AddLocalizer a chumrú in Startup.cs:

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.LocalizationCookies.UseLocalizationCookies = true;
});

Cinnteoidh meánearraí na bhfianán logánaithe go dtaispeántar do shuíomh i gcultúr roghnaithe an úsáideora gach uair a thugann sé cuairt ar an leathanach baile. Ná déan dearmad, áfach, go dtugann na huirlisí logánaithe tús áite don chultúr i bparaiméadair chosáin URL ar aon socrú eile, mar sin de, má leanann an t-úsáideoir nasc chuig leathanach i gcultúr ar leith, ní chuirfear fianáin logánaithe san áireamh.

Na fianáin logánaithe a chumrú

Más mian leat, is féidir tuilleadh cumraíochta a dhéanamh ar shocruithe na bhfianán logánaithe, rud a cheadóidh duit dáta éaga an fhianáin agus an bhfuil an fianán riachtanach d’fheidhmiú an fheidhmchláir, nó nach bhfuil, a shonrú. Is iad 1 year agus false na luachanna réamhshocraithe, faoi seach. Ba chóir an t-airí IsEssential a chumrú maidir le do pholasaithe príobháideachais agus cosanta sonraí. Má tá sé fíor, d’fhéadfaí seiceálacha ar an bpolasaí toilithe a sheachaint.

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.LocalizationCookies.UseLocalizationCookies = true;
    options.LocalizationCookies.Expires = DateTime.UtcNow.AddDays(5);
    options.LocalizationCookies.IsEssential = true;
});

Atreorú an leathanaigh lamairne

Nuair a thugann úsáideoir cuairt ar leathanach baile suímh gréasáin, e.g. www.mymultilingualapp.com, d’fhéadfadh sé a bheith inmhianaithe uaireanta an t-úsáideoir a atreorú chuig URL a bhaineann le leagan logánaithe den leathanach go huathoibríoch, e.g. www.mymultilingualapp.com/es. Ní hionann é seo agus an iompraíocht réamhshocraithe a bhaineann le Gaois.Localizer a úsáid ar chúiseanna SEO (féach thíos) ach aithnímid gur cás coiteann úsáide é. Chun atreorú an leathanaigh lamairne a chur ar siúl, cumraigh an modh AddLocalizer in Startup.cs:

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.RequireCulturePathParameter.RequireCulturePathParameter = true;
});

Aithníonn URL an atreoraithe na socruithe a cumraíodh sa tseirbhís Microsoft.AspNetCore.Routing.RouteOptions go huathoibríoch, i dtaca le slais chun deiridh a iarcheangal leis an URL ginte nó gan í a iarcheangal.

Focal eile faoi SEO

Is féidir glacadh le cuir chuige éagsula agus leathanach baile an tsuímh gréasáin á logánú agat. Measfaidh roinnt suíomhanna gréasáin teanga roghnaithe an úsáideora agus atreoróidh siad chuig URL nua é, amhail aistriú idir example.com agus example.com/es. D’fhéadfadh sé seo deacrachtaí a chruthú, áfach, mar gheall ar nádúr na n-atreoruithe HTTP agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad leis an mbrabhsálaí:

  • Scrúdaíonn roinnt suíomhanna gréasáin (mar shampla, mozilla.org) roghanna teanga an bhrabhsálaí agus cuireann siad atreorú (buan) 301 i bhfeidhm. Tá sé seo go breá má tá tú sách cinnte go rachaidh an chuid is mó d’úsáideoirí isteach san fheidhmchlár i dteanga amháin. Taiscfidh go leor brabhsálaithe atreoruithe 301 go deo, áfach. Má nuashonraíonn an t-úsáideoir socruithe an bhrabhsálaí – nó má dhéanann sé rochtain ar an ríomhaire in áit phoiblí, amhail scoil nó leabharlann – tabharfaidh an brabhsálaí chuig an gcéad leagan logánaithe den suíomh a osclaíodh sa bhrabhsálaí sin i gcónaí é.
  • Cuireann go leor suíomhanna gréasáin eile atreoruithe 302 i bhfeidhm ar na cúiseanna thuas, is dócha. Níl sé soiléir, áfach, an dtugann príomhransaitheoirí gréasáin aird ar leathanaigh ar a bhfuil atreoruithe 302 nó nach dtugann, agus seans nach n-oirfidh sé seo do SEO.

Is é an cur chuige réamhshocraithe a bhaineann le leabharlann Gaois.Localizer a úsáid dá bharr seo ná nach n-atreoraítear an t-úsáideoir (i.e. fanann an t-úsáideoir ar example.com), cé go logánófar an t-eolas ar an gcultúr de réir na gcritéar thuas. Sílimid go mbaineann na torthaí is fearr leis seo ó thaobh SEO agus eispéireas an úsáideora de.

Rogha na clibe teanga

Tá an leabharlann il-oiriúnach maidir le clib theanga IETF a úsáideann tú sa URL chun an sprioc-chultúr a léiriú. Úsáideann na samplaí sa doiciméad seo fochlibeanna réigiúin amhail ga-IE, en-GB, pt-BR, etc. Is fearr le go leor feidhmchlár cóid teanga ISO ina bhfuil dhá litir amhail ga, en, fr. In athróg na gcultúr a dtacaítear leo, a bhaineann le RequestLocalizationOptions in Startup.cs, is féidir ceachtar de na cineálacha clibe seo a shonrú.

Má roghnaíonn tú cóid teanga dhá litir, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach fochlibeanna réigiúin nó fochlibeanna breisithe teanga a stóráil a mhapálann le do chóid teanga – mar shampla, nuair a chuireann tú sonraí logchaighdeáin ar fáil i meitichlibeanna Open Graph. Éascaíonn Gaois.Localizer é seo ach cead a thabhairt duit roghanna chultúr an róid a chumrú sa mhodh Configure de Startup.cs:

services.AddLocalizer(options =>
{
    ...
    options.RouteCulture.LanguageLocaleMap.Add("en", "en-GB");
    options.RouteCulture.LanguageLocaleMap.Add("ga", "ga-IE");
});

Is féidir rochtain a fháil ar na clibeanna mapáilte áit éigin eile san fheidhmchlár ansin, agus cuirtear feidhm éascaíochta InferLocaleFromLanguage() ar fáil chun an chlib cheart logchaighdeáin nó réigiúin a aschur nuair a fhaightear cód comhfhreagrach teanga.

Úsáid shamplach (amharc Razor):

@using Gaois.Localizer
@inject IOptions<RequestLocalizationOptions> LocalizationOptions
@inject IOptions<RouteCultureOptions> CultureOptions

...

@foreach (var culture in LocalizationOptions.Value.SupportedUICultures)
{
    if (culture.Name != CultureInfo.CurrentCulture.Name)
    {
        string lang = @culture.TwoLetterISOLanguageName;
        string locale = CultureOptions.Value.InferLocaleFromLanguage(@lang);
        <link rel="alternate" hreflang="@lang" href="https://www.mymultilingualapp.com/(@lang)">
        <meta property="og:locale:alternate" content="@locale">
    }
}

Aistriú idir clibeanna teanga i scéim URL

Más mian leat aistriú ó scéim URL a d’úsáid clibeanna teanga dhá litir (amhail example.com/es) chuig scéim a úsáideann logchaighdeáin réigiúnacha (amhail example.com/es-ES), tá prótacal úsáideach atreoraithe ar fáil in Gaois.Localizer a bhaineann leas as meánearraí athscríofa dúchasacha an URL de chuid ASP.NET Core chun an obair chrua a dhéanamh duit.

Ar dtús, cumraigh an modh AddLocalizer mar a dhéantar cur síos air sa mhír roimhe seo:

public void ConfigureServices(IServiceCollection services)
{
    ...

    services.AddLocalizer(options =>
    {
        ...
        options.RouteCulture.LanguageLocaleMap.Add("en", "en-GB");
        options.RouteCulture.LanguageLocaleMap.Add("ga", "ga-IE");
    });

    ...
}

Is féidir leat an LanguageLocaleMap a chur chuig oibiacht RedirectLanguageToLocale ansin i meánearraí athscríofa an URL:

public void Configure(IApplicationBuilder app, IHostingEnvironment env)
{
    ...

    var routeCultureOptions = app.ApplicationServices
        .GetService<IOptions<RouteCultureOptions>>().Value;

    var rewriteOptions = new RewriteOptions()
        .Add(new RedirectLanguageToLocale(routeCultureOptions.LanguageLocaleMap));

    app.UseRewriter(rewriteOptions);

    ...

    app.UseMvc();
}

Atreorófar gach iarratas ar www.mymultilingualapp.com/ga/about/ go huathoibríoch chuig www.mymultilingualapp.com/ga-IE/about/ anois. Cuireann an oibiacht RedirectLanguageToLocale atreorú 302 i bhfeidhm de réir réamhshocraithe, ach is féidir leat 301 nó cineál eile atreoraithe a shonrú in argóint roghnach.

Modhanna cabhracha

Aimsítear modhanna breisithe in Gaois.Localizer chomh maith, a chuidíonn le tascanna a bhaineann le logánú.

GetDisplayUrl()

Breisíonn an modh seo an modh GetDisplayUrl() agus ligeann sé seo duit paraiméadar cosáin URL (má tá sé ann) a athchur de réir innéacs.

GetEncodedUrl()

Is ionann é seo agus an modh roimhe seo, ach aschuireann sé seo teaghrán atá ionchódaithe go hiomlán mar URL. I gcomhthéacs logánú an fheidhmchláir gréasáin, tá an modh seo an-úsáideach nuair atá naisc mhalartacha le paraiméadair mhalartacha cultúr á nginiúint agat:

<link rel="alternate" hreflang="@lang" href="@Context.Request.GetEncodedUrl(1, "fr-FR")">
Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.