Gaois.QueryLogger

  • GitHub

Logálaí simplí iarratais is féidir a chumrú le haghaidh fheidhmchláir ASP.NET agus ASP.NET Core. Is é an logálaí iarratais a úsáideann Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU chun staitisticí cuardaigh maidir le SQL Server a logáil é. Is leabharlann .NET Standard 2.0 é Gaois.QueryLogger agus tacaíonn sé le feidhmchláir a tógadh le ASP.NET Framework 4.6.1 agus le ASP.NET Core 2.1 nó níos airde.

Stádas an phacáiste

Pacáiste NuGet (Cobhsaí) NuGet (Réamheisiúint) Íoslódálacha
Gaois.QueryLogger N/A NuGet Pre Release NuGet
Gaois.QueryLogger.AspNetCore N/A NuGet Pre Release NuGet

Gnéithe

  • Téarmaí iarratais agus meiteashonraí gaolmhara a logáil le SQL Server.
  • Áirítear leis na meiteashonraí ID uathúil iarratais, ainm an iarratais, catagóir an iarratais, óstfhreastalaí, seoladh IP an chliaint, rath rith an iarratais, comhaireamh torthaí agus faisnéis am-dháta.
  • Is féidir le hiarratais GUID a roinnt, agus ciallaíonn sé sin gur féidir leat iarratais éagsúla ghaolmhara a chur i ngrúpaí.
  • Meiteashonraí saincheaptha a chur le do chuid logálaithe. Úsáidimid é sin chun sonraí a bhaineann le feidhchlár faoi leith a stóráil i loga ilfheidhmchláir.
  • De réir réamhshocraithe, déanann an leabharlann seoltaí IP an úsaideora a anaithnidiú ach an t-ochtréad deireanach de sheoltaí IPv4 an chliaint, nó an 80 giotán deireanach de sheoladh IPv6, a bhaint. Is féidir an socrú seo a mhúchadh.
  • Feidhmíocht: ní chuireann logáil aon taca breise le hagaí freagartha an fhreastalaí.
  • Tá seirbhís fógraí ríomhphoist ag an logálaí a thabharfaidh foláireamh duit má tá aon earráid logála ann.

Doiciméadacht

Athraíonn suiteáil agus úsáid beagáinín de réir na sprioc-chreatlaí. Lean na naisc thíos chun an doiciméadacht ábhartha a fheiceáil.

  • Léigh an doiciméadacht a bhaineann le ASP.NET Framework 4.6.1+ anseo.
  • Léigh an doiciméadacht a bhaineann le ASP.NET Core 2.1+ anseo.

Tá tuilleadh doiciméadachta ar fáil freisin maidir le roghanna cumraíochta agus sonraí saincheaptha logálaí.

Cé atá á úsáid?

Tá úsáid táirgeachta á baint as Gaois.QueryLogger ag www.tearma.ie, www.duchas.ie, www.gaois.ie, www.ainm.ie, www.logainm.ie agus meitheal.logainm.ie.

Creidiúintí breise

Is í leabharlann StackExchange.Exceptional a spreag cuid mhór d'ailtireacht Gaois.QueryLogger. Baineann Gaois.QueryLogger úsáid as dhá leabharlann tríú páirtí foinse oscailte eile: Dapper agus AutoMapper.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.