Cumraíocht

Is féidir na socruithe thíos a chumrú le bheith in oiriúint do do chuid riachtanais féin. Is féidir leat an logálaí iarratais a chumrú i gcód (ASP.NET Core amháin) nó i gcomhad cumraíochta d’fheidhmchláir. Féach an doiciméadacht a bhaineann le ASP.NET Framework agus le ASP.NET Core chun teacht ar eolas ar chur i bhfeidhm an logálaí i do sprioc-chreatlach.

Barrleibhéal

ApplicationName (string): Sonraíonn sé ainm uilíoch ar d’fheidhmchlár a d’fhéadfaí a úsáid i ngach iarratas a logáiltear. Ciallaíonn sé seo gur féidir le feidhmchláir dhifriúla an bunachar sonraí céanna SQL a roinnt maidir le logáil iarratais.

MaxQueryTermsLength (int?): Má tá sé socraithe, theascfaí téarmaí iarratais atá níos faide ná an t—uasfhad sonraithe.

MaxQueryTextLength (int?): Má tá sé socraithe, theascfaí téacs iarratais atá níos faide ná an t—uasfhad sonraithe.

IsEnabled (bool, réamhshocrú: true): Sonraíonn sé ar cumraíodh an feidhmchlár chun iarratais a logáil nó nár cumraíodh. Seans go mbeidh sé úsáideach más gá duit logáil a dhíchumasú go sealadach ar chúis éigin nó más mian leat logáil a chumasú nó a dhíchumasú bunaithe ar athróga timpeallachta.

StoreClientIPAddress (bool, réamhshocrú: true): Sonraíonn sé ar cheart seoladh IP an chliaint a logáil nó nár cheart. Seans go mbeidh cuid den seoladh IP logáilte anaithnidithe, nó seans nach mbeidh sé, de réir an tsocraithe AnonymizeIPAddress a roghnaíodh.

AnonymizeIPAddress (IPAddressAnonymizationLevel enum, réamhshocrú: IPAddressAnonymizationLevel.Partial): Socraíonn sé leibhéal anaithnidithe sheoladh IP an chliaint. Is iad None (níor cuireadh anaithnidiú i bhfeidhm) nó Partial (baintear an t-ochtréad deireanach de sheoltaí IPv4 nó an 80 giotán deireanach de sheoladh IPv6) na luachanna féideartha. Thángamar ar an tuairim nach féidir anaithnidiú ‘iomlán’ — trí haiseáil nó ar bhealach ar bith eile — a chinntiú agus molaimid an socrú StoreClientIPAddress a athrú go false le cinntiú nach logálfar sonraí IP ar bith.

AlertInterval (integer, réamhshocrú: 300000): An t-eatramh ama (i milleasoicindí) a fhanfaidh an logálaí iarratais sula seolfar foláirimh maidir le ceist faoin tseirbhís logálaí. Seolfar foláirimh má sháraíonn an ciú logálaí an uasacmhainn nó má tá ceist ann i dtaca le scríobh chuig an stóras sonraí — tá súil againn nach dtarlóidh sé sin ach nílimid ag iarraidh do bhosca isteach a bhriseadh má tharlaíonn sé.

Stóras

ConnectionString (string): An teaghrán ceangail do do stóras sonraí de chuid SQL Server.

ConnectionStringName (string, ASP.NET Framework only): Ainm an teaghráin ceangail a úsáidtear ó chumraíocht an fheidhmchláir, e.g. an eochair a bhaineann le hiontráil ar leith sa chuid ConnectionStrings den chomhad Web.config de chuid feidhmchláir.

MaxQueueSize (integer, réamhshocrú: 1000): Uasmhéid fhéideartha chiú an logálaí iarratais. Nuair a bhaintear uasmhéid an chiú amach, cuileálfar iontrálacha sa chiú ar bhonn 'is túisce isteach is túisce amach'. Ba cheart duit méid an chiú a shocrú i bhfianaise na n-acmhainní atá ar fáil ar do chóras. Ach logaí a stóráil i gciú sula maireann sonraí, laghdaítear an seans go gcaillfidh tú sonraí mar gheall ar cheist seachadta faoi IOPS an bhunachair sonraí, mar shampla.

MaxQueueRetryInterval (integer, réamhshocrú: 300000): An méid ama (i milleasoicindí) is gá duit fanacht idir iarrachtaí ar scríobh chuig an stóras logálaí sa chás nach féidir ceangal leis an stóras a chruthú. D’fhéadfadh suas le MaxQueueSize iarratas a bheith i gciú an logálaí atá le scríobh.

TableName (string, réamhshocrú: QueryLogs): Ainm an tábla (lena n-áirítear scéimre, más mian leat), e.g. 'dbo.QueryLogs' a úsáidtear nuair atá iarratais á logáil. Cumraigh é seo más mian leat ainm níos andúchasaí a thabhairt ar do thábla logálaí seachas 'QueryLogs'.

Ríomhphost

Úsáidfear na socruithe seo, má cumraíodh iad, chun ríomhphoist foláirimh a sheoladh chugat nuair is gá. Maidir le feidhmchláir ASP.NET Framework, gheofar socruithe ríomhphoist go huathoibríoch ó do chumraíocht mailSettings, má tá siad ann, ach ní mór duit ToAddress a shonrú anseo fós.

ToAddress (string): An seoladh a seolfar teachtaireachtaí ríomhphoist chuige (ag teastáil le haghaidh seirbhís foláireamh).

FromAddress (string): An seoladh óna seolfar teachtaireachtaí ríomhphoist.

FromDisplayName (string): An t-ainm taispeána lena seolfar teachtaireachtaí ríomhphoist.

SMTPHost (string): An freastalaí SMTP trína seolfar ríomhphost.

SMTPPort (int?): An port trína seolfar ríomhphost (má shonraítear freastalaí SMTP trí SMTPHost thuas.)

SMTPUserName (string): Ainm úsáideora an SMTP a úsáidfear, má tá fíordheimhniú á dhéanamh agat.

SMTPPassword (string): Pasfhocal an SMTP a úsáidfear, má tá fíordheimhniú á dhéanamh agat.

SMTPEnableSSL (bool, réamhshocrú: false): SSL a úsáid agus rud á sheoladh trí SMTP agat, nó gan é a úsáid.

ExcludedIPAddresses

Ní logálfar iarratais a bhaineann leis na seoltaí IP sa liosta seo. Tá sé úsáideach, mar shampla, le cinntiú nach logálfar iarratais ó ransaitheoir ionsaitheach gréasáin.

IPAddress (string): An seoladh IP a fhágfar ar lár (caithfidh luach uathúil a bheith air).

Name (string): Cuireann sé lipéad ar an seoladh IP a fhágfar ar lár. Is é an seoladh IP an eochair iontrála agus mar sin de, is féidir leat an t-ainm céanna a shocrú le haghaidh iontrálacha éagsúla más mian leat go leor foinsí IP a chur i ngrúpa le chéile.

Gaois

Our apologies

This website is not compatible with the Microsoft Internet Explorer web browser. Please use Chrome, Edge, Firefox, Opera, or another modern browser to access the website content.

Contact us at gaois@dcu.ie if you have any questions.