Lamháltas lochtanna agus láimhseáil earráidí

Tiomsaíodh Gaois.QueryLogger agus lamháltas lochtanna agus timpeallachtaí ardéilimh/ard-chomhreatha ar intinn againn. Mar chuid den phróiseas logála, cuirtear iarratais i gciú comhreathach i snáithe cúlra ar leith sula maireann na sonraí. Sin cuid den chúis gur beag an taca a chuireann an modh Log() le haga freagartha do fhreastalaí. Is próiseas sioncronach, neasláithreach é seo ach tarlaíonn an próiseas a bhaineann leis na logaí a scríobh sa bhunachar sonraí go haisioncronach i snáithe eile (blas ar leith a bhaineann leis an bpatrún Táirgeora-Tomhaltóra). Úsáideann Gaois.QueryLogger struchtúir sonraí a chuireann an leabharlann System.Threading.Channels ar fáil i dtaca le logáil aisioncronach ardfheidhmíochta.

Ach na logálaithe a chiúáil, caomhnaítear na logálaithe sa chuimhne go dtí go bhféadfaí an próiseas scríofa a atriail má tá ceist seachadta ann faoi I/O an bhunachair sonraí (b’fhéidir go bhfuil go leor tráchta ann nó go bhfuil iarratas costasach ag rith ar an mbunachar sonraí). Is féidir leat uasmhéid an chiú agus an t-eatramh atrialach a shonrú sna socruithe cumraíochta. Má bhaintear uasmhéid an chiú amach, cuileáiltear logálaithe ón gciú ar bhonn 'is túisce isteach is túisce amach.'

Seirbhís foláirimh

Ós rud é go n-úsáidtear ciú an logálaí i snáithe cúlra, ní chuirfear earráidí bunachair sonraí, ná eisceachtaí a bhaineann le scríobh, ar ais chuig an snáithe glaoite. Tá sé tábhachtach, áfach, go bhfuil tú ar an eolas faoi aon fhadhb a bhfuil tionchar aici ar an tseirbhís logála. Chuige sin, faightear seirbhís foláirimh ríomhphoist ar an bpointe boise ó Gaois.QueryLogger. Sonraigh do shonraí ríomhphoist sna socruithe cumraíochta agus cuirfear aon fhadhb in iúl duit. Ach an AlertInterval a shocrú, cinntítear nach bhfaigheann tú ríomhphoist dhúbailte má thagann borradh mór ar chiú an logálaí.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.