Forléargas

  • GitHub

Ardán ilteangach doiciméadachta teicniúla is ea Documental, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tugann sé cumhacht do docs.gaois.ie, ár suíomh doiciméadachta teicniúla.

Cé go bhfuil Documental á chur ar fáil ar bhonn foinse-oscailte, tógadh go sonrach é le haghaidh riachtanais ghrúpa taighde Gaois agus ní raibh i gceist againn go mbainfeadh aon dream eile úsáid as an ardán faoina chruth reatha. Tá súil againn, áfach, go mbeidh sé ina theimpléad láidir dóibh sin atá ag iarraidh ardán den saghas céanna a thógáil.

Clár na n-ábhar

  • D'eagarthóirí »
    Treoracha le haghaidh úsáideoirí neamh-theicniúla, lena n-áirítear treoracha chun doiciméadacht a chruthú agus a chur in eagar.

  • D'fhorbróirí »
    Eolas le haghaidh forbróirí a dteastaíonn uathu an t-ardán a bhreisiú nó a mhionathrú.

  • Imlonnú »
    Roinnt roghanna chun ábhar Documental a fhoilsiú i dtimpeallachtaí éagsúla.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.