Terminologue a chumrú

  • GitHub

Is féidir go leor iompraíocht suiteála Terminologue a chumrú ach eagarthóireacht a dhéanamh ar an gcomhad siteconfig.json. Mínítear sa doiciméad seo a bhfuil i gceist leis na socruithe ar fad. Tabhair faoi deara: caithfidh tú an feidhmchlár a atosú gach uair a dhéanann tú athruithe.


"readonly": false

Is féidir leat an socrú seo a úsáid chun do shuiteáil a chur i mód inléite amháin, mar shampla nuair atá cothabháil freastalaí á déanamh agat. Beidh codanna a bhfuil fáil orthu go poiblí fós ar fáil, lena n-áirítear bunachair téarmaíochta atá le feiceáil go poiblí, ach ní bheidh úsáideoirí in ann logáil isteach, agus ní bheidh aon úsáideoir atá logáilte isteach cheana féin in ann aon rud a shábháil. Léireofar ceannscríbhinn 'inléite amháin' in aice le lógó Terminologue ar gach leathanach chun é seo a chur in iúl d’úsáideoirí.


"baseUrl": "http://localhost/",
"rootPath": "/",
"port": 80

Is ionann baseUrl agus an URL a thugann rochtain don phobal ar do shuiteáil. I mód táirgthe, beidh tú ag iarraidh é seo a athrú i bhfíor-URL a bheidh le feiceáil go poiblí, amhail https://terminologue.mycompany.com/.

Caithfear cosán an URL, amhail /, a chur san áireamh mar chuid de baseUrl agus a thabhairt as féin mar rootPath. Mar shampla, má tá do shuiteáil ar fáil don phobal faoin URL http://www.mycompany.com/terminologue/, ba chóir go mbeadh na rudaí seo a leanas agat:

"baseUrl": "http://www.mycompany.com/terminologue/",
"rootPath": "/terminologue/"

Má tá aon rud seachas an port réamhshocraithe HTTP i do URL, ba chóir duit an port a chur san áireamh in baseUrl agus a thabhairt as féin mar port.


"dataDir": "../data/"

Is é seo an cosán a théann chuig an gcomhadlann data (an áit a gcoinníonn Terminologue na bunachair shonraí), i gcoibhneas leis an gcomhadlann website.


"admins": ["root@localhost"]

Is iad seo ainmneacha logáil isteach na 'bhforúsáideoirí' - úsáideoirí a bhfuil pribhléidí speisialta acu sa tsuiteáil seo de Terminologue. Seo a leanas na pribhléidí speisialta: bíonn rochtain iomlán, inscríofa agat ar gach rud i ngach bunachar téarmaíochta agus feiceann tú nasc ar an leathanach baile le cuid de Terminologue inar féidir leat cuntais úsáideoirí a riar.


"trackingCode": ""

Má theastaíonn uait seirbhís ar nós Google Analytics nó StatCounter a úsáid chun staitisticí tráchta ar shuíomh gréasáin a bhailiú, is féidir leat an cód HTML a chur anseo agus cuirfidh Terminologue isteach ag deireadh (roimh </body>) gach leathanaigh HTML, atá le feiceáil go poiblí, é.


"uilangs": [
  {"abbr": "en", "caption": "English"},
  {"abbr": "ga", "caption": "Gaeilge"},
  {"abbr": "cs", "caption": "česky"},
  {"abbr": "sv", "caption": "svenska"}
],
"uilangDefault": "en"

Is iad seo na teangacha UI a fheictear i ngiuirléid an mhalartóra teanga sa chúinne ag barr an scáileáin ar dheis, agus an teanga réamhshocraithe a úsáidtear le haghaidh úsáideoirí nua. Is féidir leat na socruithe seo a úsáid chun an teanga réamhshocraithe a athrú, ord na dteangacha i ngiuirléid an mhalartóra a athrú nó teangacha áirithe a dhíchumasú.

Caithfidh na rudaí seo a leanas a bheith ann le haghaidh gach teanga UI a liostaítear anseo:

  • Comhad ina bhfuil teaghráin logánaithe le haghaidh leabharlann Screenful, amhail website/libs/screenful/screenful-loc-en.js.
  • Comhad ina bhfuil teaghráin logánaithe atá sainiúil do Terminologue, amhail website/localizer/en.js.

Mar sin de, má theastaíonn uait teanga nua a chur leis, caithfidh tú na rudaí thuasluaite a sholáthar. Má tá Terminologue á logánú i dteanga nua agat, b’fhéidir go roinnfeá é ach é a chur isteach i stór Terminologue (mar iarratas ar tharraingt).


"welcome": {
  "en": "<div class='intro'>Welcome to <strong>Terminologue</strong>...",
  "ga": "<div class='intro'>Fáilte go <strong>Terminologue</strong>...",
  "cs": "<div class='intro'>Vítá vás <strong>Terminologue</strong>...",
  "sv": "<div class='intro'>Välkommen till <strong>Terminologue</strong>..."
}

Seo a leanas an teachtaireacht fáilte a bhíonn ar an leathanach baile. Caithfidh teachtaireacht dá leithéid a bheith ann le haghaidh gach teanga UI.


"mailconfig": {"host": "localhost", "port": 465, "secure": false, "from": "noreply@localhost"}

Nuair a chláraíonn úsáideoirí do Terminologue, nuair a iarrann siad pasfhocail a ndearnadh dearmad orthu a aisghabháil agus mar sin de, seolann Terminologue ríomhphoist daingnithe ach an freastalaí SMTP seo a úsáid.

Má tá na socruithe seo in easnamh nó neamhbhailí, ní tharlóidh aon rud tubaisteach, oibreoidh Terminologue mar is gnách (ach ní sheolfar ríomhphoist).


"licences": {
  "cc-by-4.0": {
    "title": "Creative Commons Attribution 4.0 International",
    "url": "https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/",
    "icon": "furniture/lic-cc-by.png"
  },
  "cc-by-sa-4.0": {
    "title": "Creative Commons Attribution Share-Alike 4.0 International",
    "url": "https://creativecommons.org/licenses/by-sa/4.0/",
    "icon": "furniture/lic-cc-by-sa.png"
  },
  "odbl-1.0": {
    "title": "Open Database Licence 1.0",
    "url": "https://opendatacommons.org/licenses/odbl/summary/",
    "icon": "furniture/lic-opendata.png"
  }
}

Is iad seo na ceadúnais faoina bhfuil úsáideoirí in ann bunachar téarmaíochta a chur ar fáil don phobal. Nuair a chuireann úsáideoir bunachar téarmaíochta ar fáil go poiblí, beidh orthu ceann amháin de na rudaí thuasluaite a roghnú.


"defaultAbc": [
  ["a", "á", "à", "â", "ä", "ă", "ā", "ã", "å", "ą", "æ"],
  ["b"],
  ["c", "ć", "ċ", "ĉ", "č", "ç"],

  ...

  ["x"],
  ["y", "ý", "ỳ", "ŷ", "ÿ"],
  ["z", "ź", "ż", "ž"]
]

Ord aibítre réamhshocraithe. Úsáidfidh Terminologue é seo murar shonraigh úsáideoir ord difriúil liostaithe le haghaidh teanga sa bhunachar téarmaíochta.


"propagatorMsSqlConnectionStrings": {
  "mytermbase": "Server=localhost\\SQLEXPRESS;Database=mydatabase;User Id=myname;Password=mypassword"
}

Is gné í seo a ligeann duit bunachair téarmaíochta ar leith a chumrú ionas go bhforleatar láithreach gach athrú a dhéanann úsáideoirí i mbunachar sonraí eile in Microsoft SQL Server. Is ionann an eochair (amhail mytermbase) agus ainm an bhunachair téarmaíochta in Terminologue, agus is ionann an luach agus teaghrán ceangail le haghaidh bunachar sonraí Microsoft SQL Server.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.