Suiteán áitiúil a chumrú
Mínítear sa doiciméad seo (i) na rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh chun tús a chur le suiteán áitiúil de Terminologue ar do ríomhaire féin le haghaidh forbairt nó tástáil, agus (ii) tugann sé tuilleadh ábhair léitheoireachta duit má theastaíonn uait an chaoi a n-oibríonn Terminologue go hinmheánach, agus/nó an chaoi a gcumraítear ar fhreastalaí táirgthe é, a thuiscint.
Cúpla rud a chaithfidh tú a thuiscint ar dtús
Bogearra gréasánbhunaithe é Terminologue. Ciallaíonn sé seo go ritheann Terminologue ar fhreastalaí agus úsáideann daoine brabhsálaithe gréasáin chun rochtain a fháil air tríd an idirlíon, cosúil le suíomh gréasáin ar bith eile. Sa doiciméad seo, mínítear an chaoi le Terminologue a chumrú ar do ríomhaire féin, agus do ríomhaire á úsáid agat amhail is gur freastalaí é, le haghaidh forbairt agus tástáil.
Tá cúl Terminologue (= na píosaí a ritheann ar an bhfreastalaí) scríofa in Node.js. Ciallaíonn sé seo gur in JavaScript atá an cód foinseach agus go ritheann sé ar bheagnach gach córas oibriúcháin, lena n-áirítear GNU/Linux agus Microsoft Windows. An t-aon réamhriachtanas a bhaineann leis seo ná Node.js a shuiteáil ar do ríomhaire. Gach réamhriachtanas agus gach spleáchas eile, aimseoidh agus suiteálfaidh Node Package Manager go huathoibríoch iad.
Maidir le sonraí a stóráil ar an bhfreastalaí, lena n-áirítear gach cnuasach téarmaíochta, sonraí na n-úsáideoirí agus mar sin de, úsáideann Terminologue SQLite. Bainistíonn Node Package Manager an spleáchas seo chomh maith. Bogearra comhadbhunaithe é SQLite (= is ionann gach bunachar sonraí agus comhad éigin ar do ríomhaire). Ciallaíonn sé seo nach gcaithfidh tú inneall bunachar sonraí ar bith a shuiteáil ar do ríomhaire.
Na céimeanna
Suiteáil Node.js ar do ríomhaire.
Íoslódáil gach rud ón stór agus cuir i gcomhadlann ar do ríomhaire iad. Tabharfaidh tú faoi deara go bhfaightear na rudaí a d’íoslódáil tú i bhfochomhadlanna éagsúla, agus is iad
data(an áit a gcoinníonn Terminologue a bhunachair sonraí) aguswebsite(an áit a bhfuil suíomh gréasáin Terminologue) na fochomhadlanna is tábhachtaí.Sa teirminéal (má tá tú ar GNU/Linux) nó sa leid ordaithe (má tá tú ar Microsoft Windows), téigh chuig an bhfochomhadlann
websiteagus rithnpm install. Lainseálfaidh sé seo Node Package Manager (NPM) a íoslódálfaidh agus a shuiteálfaidh (sa chomhadlannwebsite/node_modules) gach spleáchas a theastaíonn ó Terminologue. D’fhéadfadh sé seo cúpla nóiméad a ghlacadh.San fhochomhadlann
data, athainmnigh an comhadsiteconfig.template.jsonagus tabhairsiteconfig.jsonair.San fhochomhadlann
data, athainmnigh an comhadterminologue.template.sqliteagus tabhairterminologue.sqliteair.San fhochomhadlann
website, rithnode init.js. Is script í seo a chruthóidh cuntas duit i do shuiteán áitiúil de Terminologue. Tabharfaidh an script ainm úsáideora agus pasfhocal duit. Cuimhnigh ar an eolas seo nó scríobh síos é.San fhochomhadlann
website, rithnode terminologue.js. Cuirfidh sé seo tús le cúl Terminologue mar fhreastalaí ar do ríomhaire. Tabhair faoi deara: Ritheann Terminologue ar phort 80, mar réamhshocrú. Tá sé seo dainséarach dar le cineálacha áirithe de GNU/Linux, agus ní cheadóidh siad é, mura ritheann tú Terminologue le pribhléidí ardaithe. Chun Terminologue a rith le pribhléidí ardaithe, rith marsudo node terminologue.jsé.Oscail do bhrabhsálaí gréasáin agus téigh chuig
http://localhost/. Ba chóir go bhfeicfeá leathanach baile Terminologue anois agus ba chóir go mbeifeá in ann logáil isteach ach an t—ainm úsáideora agus an pasfhocal a tugadh duit i gcéim 6 a úsáid.
Comhghairdeas, tá suiteán áitiúil de Terminologue ag rith ar do ríomhaire anois. Chun deireadh a chur léi am ar bith, brúigh Ctrl + C sa teirminéal nó sa leid ordaithe.