Doiciméadacht - á chruthú agus á chur in eagar

Gheofar ar an leathanach seo treoracha d'eagarthóirí inneachair atá ag scríobh nó ag aistriú doiciméad lena n-úsáid in Documental. Cé go bhfuil scríobh na doiciméadachta teicniúla ábhairín difriúil i gcomparáid le húsáid a bhaint as gnáth-phróiseálaí focal, ní hé go mbeadh saineolas teicniúil ag teastáil lena aghaidh.

Riachtanais

Caithfear aon doiciméadacht in Documental a scríobh in Markdown. Is éard atá in Markdown ná gnáth-théacs agus roinnt siombailí eile lena chois chun rudaí ar nós ceannteideal, téacs i gcló trom, nascanna, etc., a léiriú. Úsáideann Documental leagan ar leith de Markdown ar a dtugtar "Github-flavoured Markdown" (GFM), teanga a éascaíonn cód ríomhaireachta a mheascadh le gnáth-phrós. Mar sin féin, níl tuiscint ar aon teanga ríomhchláraithe riachtanach chun Markdown a scríobh! Tá treoir gharbh ar conas scríobh in GFM le fáil anseo, nó is féidir teacht at threoir níos mionsonraithe anseo. Is éard atá i gcomhaid Markdown ná comhaid téacs mar aon le hiarmhír, .md de ghnáth. Is féidir comhaid Markdown a chur in eagar ar ardán ar líne ar nós Github nó ar fheidhmchlár ar do ríomhaire.

Struchtúr an fhillteáin

Tá an doiciméadacht uile istigh san fhillteán docs. Mar eagarthóir, beidh tú in ann do chuid oibre ar fad a chur i gcrích anseo. Is gnách go mbíonn cuma nó cruth mar seo a leanas ar fhillteán docs:

- docs
  - data
    - logainm
      - v0.9
        - api.en.md
        - api.ga.md
  - software
    - terminologue
      - configuration.en.md
      - installation.en.md
      - intro.en.md

Tá máthair-fhillteán docs ann. Laistigh den fhillteán sin tá dhá chatagóir de dhoiciméadacht, mar atá data (Sonraí Oscailte) agus software (Bogearraí). Tá acmhainn amháin ar a laghad istigh i ngach ceann de na fillteáin seo. Acmhainn is ea bailiúchán de dhoiciméid a bhaineann le seirbhís nó bogearra ar leith. Má fhéachaimid ar an bhfillteán software, feicfimid acmhainn darb ainm terminologue (Terminologue), go bhfuil roinnt doiciméad istigh inti.

Má fhéachaimid ar an bhfillteán data agus an acmhainn logainm (Logainm API) feicfimid gur mac díreach léi é an fillteán leaganacha v0.9. Baineann doiciméid an fhillteáin seo le leagan 0.9 den API. I gcás acmhainní áirithe, beidh leaganacha éagsúla acu agus doiciméadacht shainiúil ag gabháil le gach ceann acu.

Cuir struchtúir an fhillteáin i gcomparáid leis na URLanna a úsáidtear ar an suíomh docs.gaois.ie . Féach mar a mhapálann URL ar nós https://docs.gaois.ie/en/software/terminologue/installationhttps://docs.gaois.ie/ga/data/logainm/v0.9/api go dtí struchtúr an fhillteáin.

Ainmniú comhad

Mar a thug tú faoi deara sa chuid dheireanach, b'fhéidir, ainmnítear comhaid Markdown de réir formáid ar leith, agus bíonn feidhm aige seo ar rochtain agus léiriú na ndoiciméad ar an suíomh. Is é an fhormáid sin:

[slug].[locale].md
  • Is ionann .md agus iarmhír an chomhaid ('md' i gcomhair Markdown).
  • Úsáideann an logchaighdeán cód teanga ISO chun teanga an doiciméid a chur in iúl, mar shampla, en don Bhéarla agus ga don Ghaeilge.
  • Ainm uathúil don chomhad is ea an slug.

Is féidir teideal an doiciméid agus an slug a bheith mar an gcéanna ach fós féin caithfidh sé cloí leis na rialacha seo a leanas:

  1. Úsáid litreacha beaga amháin.
  2. Cuir fleiscíní (-) in ionad spásanna.
  3. Ná húsáid aon aiceann (á, é, ó, etc.) ná carachtair speisialta ar nós !, ?, nó #.

Seo a leanas roinnt ainmneacha bailí comhad in Documental:

  • api.ga.md
  • deployment.en.md
  • getting-started.ga.md

Seo a leanas roinnt ainmneacha NEAMHBHAILÍ comhad in Documental:

  • Api.en.md (ceannlitir in úsáid)
  • deployment.md (logchaighdeán ar lár)
  • getting started!.en.md (gan fleiscín in ionad an spáis; carachtar speisialta in úsáid)

Ag scríobh doiciméadachta

Anois agus comhad ullmhaithe agat, tá sé in am roinnt doiciméadachta a scríobh. Ba cheart go mbeadh dhá chuid i ngach doiciméad: (1) meiteashonraí agus (2) inneachar.

Ag scríobh meiteashonraí

Mar is eol duit cheana, b'fhéidir, is éard is meiteashonraí ann ná sonraí a chuireann síos ar shonraí eile. I gcás na meiteashonraí i ndoiciméid Documental, cuireann siad síos ar inneachar an doiciméid (rud a phléitear sa chéad roinn eile). Scríobhaimid meiteashonraí ag barr an leathanaigh ar fad, roimh aon ní eile, i rud a dtugtar "ceannteideal meiteashonraí" air. Seo thíos sampla:

---
title: Logainm Application Programming Interface (Version 0.9)
shortTitle: API
description: Developer documentation for the Logainm API
keywords: Logainm, API, placenames, toponymy, onomastics, Irish language
resource: Logainm
order: 1
public: true
---

Leanann na meiteashonraí thuas formáid dá nglaoitear YAML ach ní den tábhacht é seo a thuiscint. Féachaimis air seo céim ar chéim:

  1. Tosaíonn agus críochnaíonn an ceanntásc le tacair de thrí fhleiscín ---. Is sa tslí sin a bhíonn a fhios againn, agus ag an ríomhaire, nach cuid den inneachar é.
  2. I ngach líne sa cheanntásc, bíonn píosa amháin meiteashonraí air.
  3. Bíonn eochairmhír ar nós titleorder ar gach líne, agus luach ina dhiaidh sin. Scartar eochairmhíreanna agus luachanna le hidirstad (:) agus spás.

Tabhair do d'aird ar phointe a trí óir má úsáideann tú dhá idirstad in aon líne amháin d'fhéadfadh sé earráid a chruthú (is amhlaidh go gceapann an ríomhaire go bhfuil tú ag iarraidh dhá phéire eochairmhír-luach a chur ar aon líne amháin). Cad atá le déanamh mar sin más gá duit idirstad eile a úsáid? Ba cheart an luach a iniamh i gcomharthaí athfhriotail, mar a léirítear thíos. Is cuma comharthaí singile nó dúbailte athfhriotail a úsáid.

title: "Gaois: Doiciméadacht níos mó agus níos faide"

Seo a leanas liosta iomlán de na réimsí meiteashonraí is féidir a úsáid:

title:
shortTitle:
description:
keywords:
resource:
github:
npm:
nuget:
order:
toc:
public:
Eochairmhír Riachtanach Luach
title Teideal iomlán an doiciméid. Taispeánfar é seo ag barr leathanach an doiciméid.
shortTitle Teideal (chomh gairid agus is féidir) a thaispeánfar i nascleanúint an tsuímh gréasáin.
description Achoimre ghearr ar an inneachar, abairt nó dhó ar fad. D'fhéadfadh sé a bheith ar taispeáint i dtorthaí innill chuardaigh nó postálacha comhroinnte ar na meáin shóisialta.
keyword Liosta, arna scaradh le camóga, d'eochairfhocail a bhaineann le hábhar an doiciméid.
resource Níl Ainm na hacmhainne lena mbaineann an doiciméad. Taispeánfar é seo roimh theideal an doiciméid i gcluaisín an bhrabhsálaí.
github Níl URL stór GitHub a bhaineann leis an doiciméad.
npm Níl URL phacáiste NPM a bhaineann leis an doiciméad.
nuget Níl URL phacáiste NuGet a bhaineann leis an doiciméad.
order Níl Uimhir a sheasann don ord ardaitheach ina dtaispeánfar na doiciméid a bhaineann le hacmhainn amháin.
toc Níl Má bhronntar an luach false ar an eochairmhír seo, ní thaispeánfar aon chlár ábhar leis an doiciméad. Mura mbronntar, glactar leis go bhfuil an luach true.
public Ní mór é seo a chur isteach chun go mbeidh fáil ar an doiciméad tríd an suíomh gréasáin poiblí.

Tabhair faoi deara nach bhfuil gach réimse riachtanach. Ní mór an eochairmhír-luach public: true a bheith luaite, áfach, chun go mbeidh fáil ag an bpobal ar do leathanach.

Ag scríobh inneachair

Maidir leis an gcuid eile den doiciméad, déantar é a scríobh in Markdown. Maidir le ceisteanna i dtaobh Markdown, féach na hacmhainní thuasluaite. Mar sin féin, is fiú díriú ar chúpla pointe:

  • Úsáid ceannteidil. Tugann siad struchtúr don inneachar. Déanann siad an t-ábhar níos fusa lena léamh chomh maith, go háirithe sa chomhthéacs digiteach, áit nach mbíonn leathanaigh chun an téacs a fhoroinnt.
  • Chomh fada agus nach bhfuil luach false ag gabháil leis an meiteashonra toc (féach thuas), déanfaidh Documental clár ábhar a ghiniúint go huathoibríoch ag úsáid na gceannteideal sa doiciméad. Beidh an clár ábhar seo le feiceáil ar thaobh dheas an scáileáin ar ríomhairí deisce agus beidh rochtain air ar ghléasanna móibíleacha ach brú ar chnaipe.
  • Is gnách go léirítear cód ríomhaire (chomh maith le luachanna a úsáideann nó a aschuireann ríomhchláir) in Markdown trína iniamh le graifeanna (`). Is iondúil nach n-aistrítear téacs sna blocanna cóid. Bíodh is go mb'fhéidir go bhfuil focail nó nathanna Béarla sa téacs, is gnách go bhfuil na focail agus na nathanna céanna sainiúil do pé teanga ríomhchláraithe atá i gceist.

Mar fhocal scoir, is dócha gurb é an modh foghlama is fearr ná féachaint ar shamplaí atá ann cheana. Caith súil ar na comhaid san fhillteán docs agus féach an tslí a dtaispeántar iad ar an suíomh gréasáin docs.gaois.ie.

Ag úsáid íomhánna

Is féidir íomhánna a chur in aon doiciméad ach gnáthchomhréir Markdown a úsáid:

![GeoNames2Sql Command-line Interface](/images/geonames2sql.jpg)

Tá dhá rud nach foláir a choimeád ar intinn ó thaobh íomhánna de:

  1. Ba cheart comhaid íomhánna a chur i gcomhadlann static/images i do thionscadal Documental.
  2. Mar is léir ón sampla thuas, caithfidh tú tagairt a dhéanamh don íomhá ag úsáid cosán /images/, mar shampla /images/myimagefilename.jpg.
Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.