Imlonnú

Is féidir Documental a imlonnú (i) mar fheidhmchlár Node.js, nó (ii) mar shuíomh statach.

Imlonnú mar fheidhmchlár Node.js

Cruthaigh tiomsú táirgeachta

An chéad chéim is ea tiomsú táirgeachta de d'fheidhmchlár a chruthú. Rith an t-ordú seo a leanas. Má tá tú ag rith an fheidhmchláir i mód forbartha faoi láthair beidh ort é a stopadh (Ctrl/Cmd + C) sula leanfaidh tú an chéim seo.

npm run build

Táirgeann sé seo leagan optamaithe de d'fheidhmchlár atá réidh d'imlonnú táirgeachta. Aschuirtear cód an fheidhmchláir go dtí an chomhadlann __sapper__/build. Rith node __sapper__/build ó fhréamh an tionscadail chun an tiomsú táirgeachta a thástáil ar do mheaisín.

Imlonnú chuig freastalaí

Ansin, beidh ort an feidhmchlár a chur ar fhreastalaí, le FTP, RDP, uath-script nó pé modh is fearr leat.

Ní foláir na comhadlanna seo a leanas a imlonnú chuig fréamh an tsuímh gréasáin ar thimpeallacht do fhreastalaí:

- __sapper__/build
- docs
- node_modules
- static

Chruthaíomar an fillteán aschuir tiomsaithe sa chéim roimhe seo. Istigh sa chomhadlann docs a fhaightear do chuid comhad doiciméadachta Markdown. Is ionann an fillteán node_modulesagus fréamh do thionscadail, NÍ an fillteán ag src/node_modules. Sa chomhadlann static a fhaightear do chuid sócmhainní statacha.

Maidir le himlonnuithe ina dhiaidh sin:

  • Más í an doiciméadacht amháin a uasghrádaíodh (i.e. níor athraíodh aon chód feidhmchláir), ní gá ach an fillteán docs a úsáid
  • Má shuiteálann tú nó má uasghrádaíonn tú aon mhodúil Node.js, beidh ort an chomhadlann node_modules a imlonnú an athuair.
  • A bhuí le do chóras inmheánach leaganaithe docht Sapper, is sábháilte aon úsáid ina dhiaidh sin a chumasc leis an bhfillteán __sapper__/build seachas an fillteán a fhorscríobh. Tá de bhua aige seo freisin nach gcuireann sé isteach orthu siúd atá ceangailte leis an suíomh faoi láthair.

Á imlonnú in ISS le iisnode

I dtimpeallachtaí Windows Server is féidir freastal a dhéanamh ar fheidhmchláir Node.js trí leas a bhaint as IIS mar sheachfhreastalaí aisiompaithe. Iisnode a éascaíonn é seo, agus ní mór duit é seo a shuiteáil ar dtús. Caithfear cúpla céim bhreise a leanúint sa chás seo:

  1. Cruthaigh comhad nua i gcomhadlann fhréamh an tsuímh gréasáin darb ainm app.js. Ní bheidh ach líne amháin sa chomhad seo a ghlaofaidh cód Documental ar thaobh an fhreastalaí:

    require('./__sapper__/build/index.js');
  2. Cruthaigh comhad Web.config nua i gcomhadlann fhréamh an tsuímh. Istigh i stór Documental tá comhad Web.config samplach le hanótaí. Is iad seo a leanas na rannáin is tábhachtaí den chomhad config:

    <configuration>
     <system.webServer>
       <handlers>
         <add name="iisnode" path="app.js" verb="*" modules="iisnode" />
       </handlers>
       <rewrite>
         <rules>
           <rule name="App">
             <match url="/*" />
             <action type="Rewrite" url="app.js" />
           </rule>
         </rules>
       </rewrite>
     </system.webServer>
    </configuration>

    Tá na feidhmeanna seo ag na rannáin thuas: (i) lódálann siad an láimhsealaí iisnode agus (ii) atreoraíonn siad gach iarratas go dtí an comhad app.js nuair a n-aistrítear iad go dtí cód feidhmchláir Documental.

Imlonnú trí ghiniúint suímh stataigh

Is éard is suíomh statach ann ná bailiúchán de chomhaid réamhghinte HTML, JavaScript agus CSS, murab ionann agus suíomh freastalaí-ghinte ar féidir leis an bhfeidhmchlár an t-ábhar a léiriú agus a sheirbheáil ar eiteog ar an úsáideoir

Rith an t-ordú seo a leanas chun suíomh statach a aschur ó Documental:

npm run export

Aschuirfear na comhaid statacha go dtí an chomhadlann __sapper__/export. Déanfaidh aon ordú aschurtha dá éis sin forscríobh ar inneachar na comhadlainne go huathoibríoch.

Rith npx serve __sapper__/export chun do shuíomh statach a thástáil.

Nuair atá tú réidh, imlonnaigh inneachar chomhadlann __sapper__/export go dtí fréamh an tsuímh i dtimpeallacht do fhreastalaí.

Féach na doiciméid Sapper i gcomhair tuilleadh eolais.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.