Loga athruithe

v1.0.1 / 2021-01-21

Athraithe

Athruithe neamhbhristeacha:

  • Réitíodh fadhb a d'fhág gur tharla earráid i gcás iarratas faoi leith ar thaifid áite aonair nuair a bhain airí nialasach le gridReference de chuid an taifid.
  • Réitíodh cás ina dtugtaí cód stádais HTTP 500 mar fhreagra ar iarratais ar áiteanna nach ann dóibh sa bhunachar nuair ba chirte cód stádas 404 a thabhairt.

Bainte

  • Cuireadh deireadh le API v0.9 (leagan réamheisiúna).

v1.0.0 / 2020-07-05

Eisítear API Logainm go poiblí agus go hoifigiúil agus an t-uasdátú seo i bhfeidhm.

Athraithe

Athruithe bristeacha:

  • Déantar uimhriú leathanach a chur i bhfeidhm ar gach iarratas ar chríochphointe API a dtugtar liosta torthaí mar fhreagra air. Mura sonraítear paraiméadar leathanaigh ar bith tabharfar an chéad leathanach torthaí mar fhreagra agus uaslíon 1,000 toradh in aghaidh an leathanaigh. Cinntíonn an t-uimhriú leathanach go mbaineann feidhmíocht chobhsaí iontaofa leis an API, is cuma cad é an líon iomlán torthaí a aimsítear.
  • Cuirtear meiteashonraí i dtaobh líon iomlán na dtorthaí agus i dtaobh uimhriú leathanach ar fáil i gcás gach críochphointe API a thugann liosta oibiachtaí mar fhreagra. I gcas liostaí tagartha, mar a thugtar ó chríochphointí ar nós /api/v1.0/administrative-units, /api/v1.0/features, /api/v1.0/glossary agus /api/v1.0/counties, ciallaíonn sé seo go mbíonn na torthaí neadaithe in airí dar teideal results.
  • Rinneadh an t-airí places a bhain leis an oibiacht placeList a athainmniú mar results. Fágann sé seo go bhfuil struchtúr na n-oibiachtaí ar liostaí iad de réir a chéile anois.

Athruithe eile:

  • Leasaíodh an doiciméadacht leis na forbairtí thuasluaite a chur in iúl.

Bainte

  • Cuireadh deireadh le API v0.5.

Dímholta

  • Tá API v0.9, ar leagan réamheisiúna atá ann, dímholta anois agus cuirfear deireadh leis ar an 1 Meán Fómhair 2020.

v0.9.3 / 2020-02-08

Forbairtí breise

Athraithe

  • Leasaíodh an bhuntreoir leis na forbairtí i dtaca le CORS a chur in iúl.

v0.9.2 / 2020-01-20

Athraithe

  • Tá feabhas ar chruinneas na n-iarratas geografach, go háirithe sa mhéid a bhaineann le comhordnáidí sráidainmneacha.
  • Déantar ceartionchódú ar theagráin URI i gcás oibiachtaí Image agus Audio anois.

v0.9.1 / 2019-11-18

Forbairtí breise

  • Cuireadh na paraiméadair iarratais Page agus PerPage ar fáil chun uimhriú leathanach a éascú i gcás tacar torthaí a bhaineann le háiteanna.
  • Cuireadh na hairíonna TotalPages, CurrentPage agus CountPerPage leis an oibiacht placeList agus iad le léiriú agus uimhriú leathanach i bhfeidhm ar an tacar torthaí.
  • Breis teachtaireachtaí earráide cairdiúla a bhaineann leis an uimhriú (e.g. i gcás earráidí nuair atá innéacs as raon).

Athraithe

  • Leasaíodh an doiciméadacht leis na forbairtí thuasluaite a chur in iúl.
  • Tugtar teachtaireachtaí earráide cairdiúla, anuas ar an gcód stádais HTTP cuí, mar chuid den fhreagra a sheoltar i gcás earráidí 400 agus 404.
Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.