Foclóir sonraí (Leagan 1.0)

Déantar cur síos sa doiciméad seo ar struchtúr sonraí na dtorthaí a chuirtear ar fáil trí Chomhéadan Feidhmchláir (API) Logainm. Áis chuimsitheach bhainistíochta í seo chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne, mar aon le taighde logainmneacha Rialtas na hÉireann, a riar. Téigh i gcomhairle le doiciméid an fhorbróra chun eolas ginearálta ar API agus treoirlínte an fhorbróra a fháil.

placeList

Gheofar oibiacht placeList ón gcuid is mó d'iarratais API. Tá liosta ina bhfuil áit amháin nó níos mó, má aimsítear iad, agus meiteashonraí breise a bhaineann leis an iarratas san oibiacht seo.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
TotalCount slánuimhir ceann amháin Líon iomlán na dtaifead áite a aisghabhadh.
TotalPages slánuimhir ceann amháin Líon iomlán na leathanach sa tacar torthaí.
CurrentPage slánuimhir ceann amháin An uimhir leathanaigh reatha.
CountPerPage slánuimhir ceann amháin An t-uaslíon torthaí a thugtar in aghaidh an leathanaigh.
Results place ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Na taifid áite a aisghabhadh.
SimilarNames teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Tacar ainmneacha a bhfuil an litriú atá orthu cosúil le téacs an iarratais (más cuardach téacs atá i gceist). Mar shampla, má chuardaíonn tú 'Ballybunion', molfar 'Ballybunnion.'
RelatedNames teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Tacar ainmneacha atá bainteach le téacs an iarratais. Mar shampla, má chuardaíonn tú 'Lismore', molfar 'Lismore and Mocollop', 'Lismore Demesne' agus 'Lismore Road' i liosta na logainmneacha gaolmhara.

place

Tá an oibiacht place i gcroílár API Logainm. Léiríonn sí suíomh geografach agus áirítear léi meiteashonraí logainmníochta, léacsacha agus eile. Ach iarratas a dhéanamh ina sonraítear aitheantóir áite sa chosán iarratais, gheofar oibiacht place amháin (má tá ceann ann) agus d'fhéadfadh iarratais níos leithne oibiacht place amháin nó níos mó a thabhairt sa chorp freagartha.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir uathúil áite.
ReplacementID slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Má tá an luach seo socraithe, cumascadh an taifead áite a iarradh le taifead eile sa bhunachar sonraí. Is é an luach an t-aitheantóir ionaid taifid.
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
Permalink teaghrán ceann amháin Hipearnasc statach buan ina bhféadfadh léitheoir daonna tuilleadh eolais a fháil ar an áit. Téann sé seo go dtí an leagan Gaeilge nó Béarla de leathanach eolais na háite go huathoibríoch.
Featured am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé seo don dáta, nó do na dátaí, nuair a úsáideadh an áit seo mar 'logainm an lae' ar logainm.ie, má úsáideadh í.
Cluster cluster ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a léiríonn grúpa áiteanna, a bhfuil an áit seo mar chuid de, a roinneann logainmneacha agus atá comhshuite nó atá gar dá chéile.
Placenames placename ceann amháin nó go leor Logainm amháin nó níos mó, agus meiteashonraí gaolmhara, a thugtar ar an áit seo.
Glossary glossary ceann ar bith nó ceann amháin Déanann sé cur síos ar fhocail a fhaightear go minic i logainmneacha na hÉireann agus atá i logainmneacha a bhaineann leis an áit seo.
Categories category ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Déanann sé cur síos ar chatagóirí a bhaineann leis an áit seo. Ní bhaineann níos mó ná catagóir amháin le háiteanna ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
IncludedIn placeSummary ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Eolas achomair maidir leis na haonaid riaracháin (contaetha, paróistí sibhialta, etc.) a gcuimsítear iontu an áit seo.
Includes category ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Déanann sé cur síos ar chatagóirí áite atá laistigh de theorainneacha na háite seo.
Geography geography ceann amháin nó go leor Suíomh geografach na háite ó thaobh comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid de.
GridReferences gridReference ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Suíomh geografach na háite i gcomhordanáidí Chóras Tagraíochta Eangaí na hÉireann.
Gaeltacht placeProperty ceann ar bith nó ceann amháin Cuireann sé in iúl go bhfuil an áit sa Ghaeltacht.
PostOffice placeProperty ceann ar bith nó ceann amháin Cuireann sé in iúl go bhfuil, nó go raibh, oifig an phoist san áit seo.
NorthernIreland placeProperty ceann ar bith nó ceann amháin Cuireann sé in iúl go bhfuil an áit i dTuaisceart Éireann.
Images image ceann ar bith nó ceann amháin Déanann sé cur síos ar thaifead amháin, nó níos mó, a scanadh ó chartlann an Bhrainse Logainmneacha a bhaineann leis an áit seo.
Resources resource ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Déanann sé cur síos ar acmhainn logainmníochta amháin, nó níos mó, a bhaineann leis an áit seo agus atá ar fáil ar logainm.ie.
Links link ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Cuireann sé nasc amháin, nó níos mó, ar fáil le sonraí gaolmhara in acmhainní seachtracha. Áirítear le hacmhainní seachtracha OSI, Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Wikipedia, Geonames, etc.
BornHere biographyLink ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí beathaisnéiseacha ó ainm.ie a bhaineann le duine ar bith a rugadh san áit seo, má tá siad ar fáil.
Folklore folkloreLink ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí béaloidis ó dúchas.ie a bhaineann leis an áit seo, má tá siad ar fáil.
SameAs sameAs ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Sonraíonn sé comhthagairt amháin, nó níos mó, don áit seo i dtacair shonraí eile seachas i mBunachar Logainmneacha na hÉireann. De réir mhíniú SameAs Ointeolaíocht OWL.

cluster

Meiteashonraí a léiríonn grúpa áiteanna a roinneann logainmneacha agus atá comhshuite nó atá gar dá chéile.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
FocusID slánuimhir ceann amháin Aithníonn sé an áit a gcruthaíonn ‘fócas’ an bhraisle. Seans go léiríonn sé an chatagóir áite is mó a bhaineann le logainm ar leith nó go bhfuil an tacar is saibhre meiteashonraí i measc na mball braisle ar fad ann.
Members clusterMember ceann amháin nó go leor Léiríonn sé na háiteanna aonair atá sa bhraisle.

clusterMember

Léiríonn sé ball de cluster.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
PlaceID slánuimhir ceann amháin An t-aitheantóir áite.
Category category ceann ar bith nó ceann amháin Catagóir na háite.

placename

Léiríonn sé logainm a bhaineann le háit amháin nó níos mó.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an logainm.
Language cód teanga ISO 639-1 ceann ar bith nó ceann amháin Léiríonn sé teanga an logainm, má tá sé ar eolas.
Wording teaghrán ceann amháin An logainm féin.
Genetive teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin I gcás logainmneacha Gaeilge, sonraíonn sé seo foirm ghramadaí an logainm sa tuiseal ginideach.
Main Boole ceann amháin Má tá sé fíor, is é seo príomhainm/ainm canónta an logainm. Níl sé seo tábhachtach ach amháin má tá níos mó ná ainm amháin ag an áit sa teanga chéanna.
Acceptability acceptability ceann ar bith nó ceann amháin Léiríonn sé stádas taighde agus faofa an logainm.
Audio audio ceann ar bith nó ceann amháin Déanann sé cur síos ar chomhad fuaime ina ndéantar fuaimniú táscach ar an logainm.
SubNames subName ceann ar bith nó go leor Liosta de dhá logainm scoite nó níos mó. Cuirtear ar fáil é nuair atá dhá ainm nó níos mó atá cónasctha sa phríomhlogainm e.g. 'Rathgarvan or Clifden', nó nuair atá ról cáilithe nó imdhealaithe ag an bpríomhlogainm.

acceptability

Léiríonn sé an stádas taighde agus faofa a bhaineann le logainm.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an stádais inghlacthachta.
TextEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Lipéad Béarla a dhéanann cur síos ar an stádas inghlacthachta.
TextGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Lipéad Gaeilge a dhéanann cur síos ar an stádas inghlacthachta.

audio

Déanann sé cur síos ar chomhad fuaime ina ndéantar fuaimniú táscach ar an logainm.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
FileName teaghrán ceann amháin Ainm an chomhaid fuaime.
Uri teaghrán ceann amháin URI an chomhaid fuaime.

subName

Ainm scoite a d'fhéadfaí a úsáid chun logainmneacha níos faide a chumadh.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Text teaghrán ceann amháin Téacs an ainm.
Disambiguates Boole ceann amháin Má tá sé fíor, cuireann an t-ainm seo cineál uath-imdhealaithe éigin ar fáil maidir leis an bpríomhlogainm. D'fhéadfadh subName imdhealaithe, mar shampla, idirdhealú a dhéanamh idir an príomhlogainm agus ainmneacha eile atá cosúil leis.

placeSummary

Eolas achomair maidir le háit ar leith.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin An t-aitheantóir áite.
NameEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin An logainm Béarla.
NameGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin An logainm Gaeilge.
Category category ceann ar bith nó ceann amháin Catagóir na háite.

geography

Léiríonn sé suíomh geografach i gcomhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Accurate Boole ceann amháin Léiríonn sé cé acu a chreidtear go bhfuil na comhordanáidí beacht nó nach gcreidtear. Is ionann comhordanáidí míchruinne agus comhordanáidí a fuarthas trí eachtarshuí ó áiteanna in aice láimhe.
Coordinates coordinates ceann amháin nó go leor Péire amháin comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid, nó níos mó. Léiríonn péire amháin comhordanáidí an chuid is mó de na háiteanna. D'fhéadfadh dhá phéire nó níos mó a bheith ag gnéithe áirithe geografacha, áfach, go háirithe aibhneacha nó oileáin.

coordinates

Léiríonn sé péire comhordanáidí geografacha.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Latitude dúbailte ceann amháin An chomhordanáid domhanleithid.
Longitude dúbailte ceann amháin An chomhordanáid domhanfhaid.

gridReference

Suíomh geografach na háite i gcomhordanáidí Chóras Tagraíochta Eangaí na hÉireann.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Square teaghrán ceann amháin Sonraíonn sé an chearnóg eangaí.
Easting fada ceann ar bith nó ceann amháin Sonraíonn sé an oirlíne sa chearnóg.
Northing fada ceann ar bith nó ceann amháin Sonraíonn sé an tuaidhlíne sa chearnóg.

placeProperty

Déanann sé cur síos ar airí a bhaineann le háit ar leith.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Extent teaghrán ceann amháin Sonraíonn sé baint an airí le háit ar leith. Más all atá ann, baineann an t-airí leis an áit uile. Más part atá ann, ní bhaineann an t-airí ach le cuid den áit.

image

Déanann sé cur síos ar thaifead scanta ó chartlann an Bhrainse Logainmneacha.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
FileName teaghrán ceann amháin Ainm an chomhaid íomhá.
LabelEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Cur síos Béarla ar chatagóir na híomhá, má tá sé ar eolas.
LabelGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Cur síos Gaeilge ar chatagóir na híomhá, má tá sé ar eolas.
Uri teaghrán ceann amháin URI na híomhá.

resource

Déanann sé cur síos ar acmhainn logainmníochta atá ar fáil ar logainm.ie.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir na hacmhainne.
TypeID teaghrán ceann amháin Aithníonn sé an cineál acmhainne atá ann.
TitleEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Teideal Béarla na hacmhainne.
TitleGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Teideal Gaeilge na hacmhainne.
PageReference teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sonraíonn sé an leathanach, nó na leathanaigh, laistigh den acmhainn a bhaineann le háit ar leith, más bainteach.
Supplier supplier ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a bhaineann le foilsitheoir/soláthraí na hacmhainne.

TypeID

Seo a leanas luachanna féideartha an airí TypeID:

Luach Cur síos
jpg Íomhá JPEG.
pdf Doiciméad PDF.
zip Zipchomhad.

supplier

Meiteashonraí a bhaineann le foilsitheoir/soláthraí na hacmhainne logainmníochta.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an tsoláthraí.
NameEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ainm Béarla an tsoláthraí.
NameGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ainm Gaeilge an tsoláthraí.

link

Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí gaolmhara in acmhainn sheachtrach.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Type teaghrán ceann amháin Cineál na hacmhainne seachtraí. Áirítear le hacmhainní seachtracha OSI, Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Wikipedia, Geonames, etc.
Target teaghrán ceann amháin Sprioc an naisc. D'fhéadfadh URI, URL nó aitheantóir eile a bheith i gceist leis seo, ag brath ar an gcineál acmhainne atá ann.

Type

Seo a leanas luachanna féideartha airí an chineáil naisc:

Luach Cur síos
Geonames Is URL iontráil Geonames é an nasc.
Osi Is aitheantóir acmhainne de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann é an nasc.
PlacenamesNi Is aitheantóir acmhainne de chuid Logainmneacha Thuaisceart Éireann é an nasc.
WikipediaEn Is URL le haghaidh iontráil Bhéarla Wikipedia é an nasc.
WikipediaGa Is URL le haghaidh iontráil Ghaeilge Wikipedia é an nasc.

biographyLink

Cuireann sé naisc ar fáil le sonraí beathaisnéiseacha ó ainm.ie a bhaineann le haon duine a rugadh in áit ar leith.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID teaghrán ceann amháin Aitheantóir ainm.ie na beathaisnéise.
Title slánuimhir ceann amháin Teideal na beathaisnéise.
Uri slánuimhir ceann amháin URI bheathaisnéis ainm.ie.

folkloreLink

Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí béaloidis ó dúchas.ie a bhaineann le háit ar leith.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Type teaghrán ceann amháin Cineál na hacmhainne seachtraí. Faoi láthair, déanfaidh sé seo cur síos i gcónaí ar acmhainní ó thionscadal Dúchas.
UriEN teaghrán ceann amháin URI acmhainn na sonraí béaloidis (comhéadan Béarla).
UriGA teaghrán ceann amháin URI acmhainn na sonraí béaloidis (comhéadan Gaeilge).

sameAs

Sonraíonn sé comhthagairt d'áit ar leith i dtacair sonraí seachas Bunachar Logainmneacha na hÉireann. I gcomhréir le míniú SameAs Ointeolaíocht OWL.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Uri teaghrán ceann amháin URI na hacmhainne seachtraí.

referenceList

Tá liosta ina bhfuil oibiacht tagartha amháin nó níos mó, má aimsítear iad, agus meiteashonraí breise a bhaineann leis an iarratas san oibiacht seo.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
TotalCount slánuimhir ceann amháin Líon iomlán na dtaifead a aisghabhadh.
TotalPages slánuimhir ceann amháin Líon iomlán na leathanach sa tacar torthaí.
CurrentPage slánuimhir ceann amháin An uimhir leathanaigh reatha.
CountPerPage slánuimhir ceann amháin An t-uaslíon torthaí a thugtar in aghaidh an leathanaigh.
Results categoryglossaryplace ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Na taifid a aisghabhadh.

category

Déanann sé cur síos ar chatagóir áite. Cuimsíonn catagóirí aonaid riaracháin agus gnéithe geografacha. D'fhéadfadh catagóir amháin, nó níos mó, teacht ar ais mar chuid d'oibiacht place nó d'fhéadfaí teacht ar liosta tagartha d'oibiachtaí category ón gcríochphointe API cuí.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID teaghrán ceann amháin Aitheantóir na catagóire.
NameEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ainm Béarla na catagóire.
NameGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ainm Gaeilge na catagóire.
NamePluralEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Uimhir iolra ainm Béarla na catagóire.
NamePluralGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Uimhir iolra ainm Gaeilge na catagóire.
Count slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Líon na logainmneacha a bhaineann leis an gcatagóir seo, má tá sé ar eolas.

glossary

Déanann sé cur síos ar thacar d'fhocail ghaolmhara a fhaightear go minic i logainmneacha na hÉireann. D'fhéadfadh iontráil gluaise amháin, nó níos mó, teacht ar ais mar chuid d'oibiacht place nó d'fhéadfaí liosta tagartha d'oibiachtaí glossary ón gcríochphointe API cuí a fháil.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir na hiontrála gluaise.
Headword teaghrán ceann amháin Ceannfhocal na hiontrála gluaise.
Translation teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Aistriúchán Béarla ar cheannfhocal na gluaise.
Forms teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Litrithe eile ar cheannfhocal na gluaise.
Count slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Líon na logainmneacha a bhaineann leis an iontráil ghluaise seo, má tá sé ar eolas.
Gaois

Our apologies

This website is not compatible with the Microsoft Internet Explorer web browser. Please use Chrome, Edge, Firefox, Opera, or another modern browser to access the website content.

Contact us at gaois@dcu.ie if you have any questions.