Foclóir sonraí (Leagan 1.1)
Déantar cur síos sa doiciméad seo ar struchtúr sonraí na dtorthaí a chuirtear ar fáil trí Chomhéadan Feidhmchláir (API) Logainm. Áis chuimsitheach bhainistíochta í seo chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne, mar aon le taighde logainmneacha Rialtas na hÉireann, a riar. Téigh i gcomhairle le doiciméid an fhorbróra chun eolas ginearálta ar API agus treoirlínte an fhorbróra a fháil.
placeList
Gheofar oibiacht placeList
ón gcuid is mó d'iarratais API. Tá liosta ina bhfuil áit amháin nó níos mó, má aimsítear iad, agus meiteashonraí breise a bhaineann leis an iarratas san oibiacht seo.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
TotalCount | slánuimhir | ceann amháin | Líon iomlán na dtaifead áite a aisghabhadh. |
TotalPages | slánuimhir | ceann amháin | Líon iomlán na leathanach sa tacar torthaí. |
CurrentPage | slánuimhir | ceann amháin | An uimhir leathanaigh reatha. |
CountPerPage | slánuimhir | ceann amháin | An t-uaslíon torthaí a thugtar in aghaidh an leathanaigh. |
Results | place |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Na taifid áite a aisghabhadh. |
SimilarNames | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Tacar ainmneacha a bhfuil an litriú atá orthu cosúil le téacs an iarratais (más cuardach téacs atá i gceist). Mar shampla, má chuardaíonn tú 'Ballybunion', molfar 'Ballybunnion.' |
RelatedNames | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Tacar ainmneacha atá bainteach le téacs an iarratais. Mar shampla, má chuardaíonn tú 'Lismore', molfar 'Lismore and Mocollop', 'Lismore Demesne' agus 'Lismore Road' i liosta na logainmneacha gaolmhara. |
place
Tá an oibiacht place
i gcroílár API Logainm. Léiríonn sí suíomh geografach agus áirítear léi meiteashonraí logainmníochta, léacsacha agus eile. Ach iarratas a dhéanamh ina sonraítear aitheantóir áite sa chosán iarratais, gheofar oibiacht place
amháin (má tá ceann ann) agus d'fhéadfadh iarratais níos leithne oibiacht place
amháin nó níos mó a thabhairt sa chorp freagartha.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | slánuimhir | ceann amháin | Aitheantóir uathúil áite. |
ReplacementID | slánuimhir | ceann ar bith nó ceann amháin | Má tá an luach seo socraithe, cumascadh an taifead áite a iarradh le taifead eile sa bhunachar sonraí. Is é an luach an t-aitheantóir ionaid taifid. |
DateCreated | am-dháta ISO 8601 | ceann amháin | An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil. |
DateModified | am-dháta ISO 8601 | ceann ar bith nó ceann amháin | Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil. |
Permalink | teaghrán | ceann amháin | Hipearnasc statach buan ina bhféadfadh léitheoir daonna tuilleadh eolais a fháil ar an áit. Téann sé seo go dtí an leagan Gaeilge nó Béarla de leathanach eolais na háite go huathoibríoch. |
Featured | am-dháta ISO 8601 | ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Seasann sé seo don dáta, nó do na dátaí, nuair a úsáideadh an áit seo mar 'logainm an lae' ar logainm.ie, má úsáideadh í. |
Cluster | cluster |
ceann ar bith nó ceann amháin | Meiteashonraí a léiríonn grúpa áiteanna, a bhfuil an áit seo mar chuid de, a roinneann logainmneacha agus atá comhshuite nó atá gar dá chéile. |
Placenames | placename |
ceann amháin nó go leor | Logainm amháin nó níos mó, agus meiteashonraí gaolmhara, a thugtar ar an áit seo. |
Glossary | glossary |
ceann ar bith nó ceann amháin | Déanann sé cur síos ar fhocail a fhaightear go minic i logainmneacha na hÉireann agus atá i logainmneacha a bhaineann leis an áit seo. |
Categories | category |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Déanann sé cur síos ar chatagóirí a bhaineann leis an áit seo. Ní bhaineann níos mó ná catagóir amháin le háiteanna ach amháin i gcásanna eisceachtúla. |
IncludedIn | placeSummary |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Eolas achomair maidir leis na haonaid riaracháin (contaetha, paróistí sibhialta, etc.) a gcuimsítear iontu an áit seo. |
Includes | category |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Déanann sé cur síos ar chatagóirí áite atá laistigh de theorainneacha na háite seo. |
Geography | geography |
ceann amháin nó go leor | Suíomh geografach na háite ó thaobh comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid de. |
GridReferences | gridReference |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Suíomh geografach na háite i gcomhordanáidí Chóras Tagraíochta Eangaí na hÉireann. |
Gaeltacht | placeProperty |
ceann ar bith nó ceann amháin | Cuireann sé in iúl go bhfuil an áit sa Ghaeltacht. |
PostOffice | placeProperty |
ceann ar bith nó ceann amháin | Cuireann sé in iúl go bhfuil, nó go raibh, oifig an phoist san áit seo. |
NorthernIreland | placeProperty |
ceann ar bith nó ceann amháin | Cuireann sé in iúl go bhfuil an áit i dTuaisceart Éireann. |
Images | image |
ceann ar bith nó ceann amháin | Déanann sé cur síos ar thaifead amháin, nó níos mó, a scanadh ó chartlann an Bhrainse Logainmneacha a bhaineann leis an áit seo. |
Resources | resource |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Déanann sé cur síos ar acmhainn logainmníochta amháin, nó níos mó, a bhaineann leis an áit seo agus atá ar fáil ar logainm.ie. |
Links | link |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Cuireann sé nasc amháin, nó níos mó, ar fáil le sonraí gaolmhara in acmhainní seachtracha. Áirítear le hacmhainní seachtracha Tailte Éireann (OSI), Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Wikipedia, Geonames, etc. |
BornHere | biographyLink |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí beathaisnéiseacha ó ainm.ie a bhaineann le duine ar bith a rugadh san áit seo, má tá siad ar fáil. |
Folklore | folkloreLink |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí béaloidis ó dúchas.ie a bhaineann leis an áit seo, má tá siad ar fáil. |
SameAs | sameAs |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Sonraíonn sé comhthagairt amháin, nó níos mó, don áit seo i dtacair shonraí eile seachas i mBunachar Logainmneacha na hÉireann. De réir mhíniú SameAs Ointeolaíocht OWL. |
cluster
Meiteashonraí a léiríonn grúpa áiteanna a roinneann logainmneacha agus atá comhshuite nó atá gar dá chéile.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
FocusID | slánuimhir | ceann amháin | Aithníonn sé an áit a gcruthaíonn ‘fócas’ an bhraisle. Seans go léiríonn sé an chatagóir áite is mó a bhaineann le logainm ar leith nó go bhfuil an tacar is saibhre meiteashonraí i measc na mball braisle ar fad ann. |
Members | clusterMember |
ceann amháin nó go leor | Léiríonn sé na háiteanna aonair atá sa bhraisle. |
clusterMember
Léiríonn sé ball de cluster
.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
PlaceID | slánuimhir | ceann amháin | An t-aitheantóir áite. |
Category | category |
ceann ar bith nó ceann amháin | Catagóir na háite. |
placename
Léiríonn sé logainm a bhaineann le háit amháin nó níos mó.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | slánuimhir | ceann amháin | Aitheantóir an logainm. |
Language | cód teanga ISO 639-1 | ceann ar bith nó ceann amháin | Léiríonn sé teanga an logainm, má tá sé ar eolas. |
Wording | teaghrán | ceann amháin | An logainm féin. |
Genetive | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | I gcás logainmneacha Gaeilge, sonraíonn sé seo foirm ghramadaí an logainm sa tuiseal ginideach. |
Main | Boole | ceann amháin | Má tá sé fíor, is é seo príomhainm/ainm canónta an logainm. Níl sé seo tábhachtach ach amháin má tá níos mó ná ainm amháin ag an áit sa teanga chéanna. |
Acceptability | acceptability |
ceann ar bith nó ceann amháin | Léiríonn sé stádas taighde agus faofa an logainm. |
Audio | audio |
ceann ar bith nó ceann amháin | Déanann sé cur síos ar chomhad fuaime ina ndéantar fuaimniú táscach ar an logainm. |
SubNames | subName |
ceann ar bith nó go leor | Liosta de dhá logainm scoite nó níos mó. Cuirtear ar fáil é nuair atá dhá ainm nó níos mó atá cónasctha sa phríomhlogainm e.g. 'Rathgarvan or Clifden', nó nuair atá ról cáilithe nó imdhealaithe ag an bpríomhlogainm. |
acceptability
Léiríonn sé an stádas taighde agus faofa a bhaineann le logainm.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | slánuimhir | ceann amháin | Aitheantóir an stádais inghlacthachta. |
TextEN | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Lipéad Béarla a dhéanann cur síos ar an stádas inghlacthachta. |
TextGA | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Lipéad Gaeilge a dhéanann cur síos ar an stádas inghlacthachta. |
audio
Déanann sé cur síos ar chomhad fuaime ina ndéantar fuaimniú táscach ar an logainm.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
FileName | teaghrán | ceann amháin | Ainm an chomhaid fuaime. |
Uri | teaghrán | ceann amháin | URI an chomhaid fuaime. |
subName
Ainm scoite a d'fhéadfaí a úsáid chun logainmneacha níos faide a chumadh.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Text | teaghrán | ceann amháin | Téacs an ainm. |
Disambiguates | Boole | ceann amháin | Má tá sé fíor, cuireann an t-ainm seo cineál uath-imdhealaithe éigin ar fáil maidir leis an bpríomhlogainm. D'fhéadfadh subName imdhealaithe, mar shampla, idirdhealú a dhéanamh idir an príomhlogainm agus ainmneacha eile atá cosúil leis. |
placeSummary
Eolas achomair maidir le háit ar leith.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | slánuimhir | ceann amháin | An t-aitheantóir áite. |
NameEN | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | An logainm Béarla. |
NameGA | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | An logainm Gaeilge. |
Category | category |
ceann ar bith nó ceann amháin | Catagóir na háite. |
geography
Léiríonn sé suíomh geografach i gcomhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Accurate | Boole | ceann amháin | Léiríonn sé cé acu a chreidtear go bhfuil na comhordanáidí beacht nó nach gcreidtear. Is ionann comhordanáidí míchruinne agus comhordanáidí a fuarthas trí eachtarshuí ó áiteanna in aice láimhe nó comhordanáidí a díorthaíodh ó thagairt de chuid Eangach na hÉireann. |
Source | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Cuireann sé foinse na sonraí geografacha, nó an modh trínar fuarthas iad, in iúl. |
Coordinates | coordinates |
ceann amháin nó go leor | Péire amháin comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid, nó níos mó. Léiríonn péire amháin comhordanáidí an chuid is mó de na háiteanna. D'fhéadfadh dhá phéire nó níos mó a bheith ag gnéithe áirithe geografacha, áfach, go háirithe aibhneacha nó oileáin. |
source
Seo a leanas luachanna féideartha an airí source
:
Luach | Cur síos |
---|---|
extrapolation | Fuarthas na sonraí geografacha trí eachtarshuí ó áiteanna in aice láimhe. Dá bhrí sin, ní féidir a dheimhniú go mbaineann leibhéal ard cruinnis leis na sonraí seo. |
grid | Díorthaíodh na sonraí geografacha ó thagairt de chuid Eangach na hÉireann. Baineann leibhéal réasúnta cruinnis leis na sonraí seo ach níl siad chomh cruinn leis na foinsí eile. |
manual | Sonraí ionchurtha de láimh ag duine d'fhoireann taighde an Bhrainse Logainneacha nó Gaois. |
osi | Sonraí geografacha a chuir Tailte Éireann (Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann mar a bhí) ar fáil do thionscadal Logainm. |
osi (data.gov.ie) | Sonraí geografacha de chuid Tailte Éireann a foilsíodh ar an ardán sonraí oscailte data.gov.ie |
coordinates
Léiríonn sé péire comhordanáidí geografacha.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Latitude | dúbailte | ceann amháin | An chomhordanáid domhanleithid. |
Longitude | dúbailte | ceann amháin | An chomhordanáid domhanfhaid. |
gridReference
Suíomh geografach na háite i gcomhordanáidí Chóras Tagraíochta Eangaí na hÉireann.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Square | teaghrán | ceann amháin | Sonraíonn sé an chearnóg eangaí. |
Easting | fada | ceann ar bith nó ceann amháin | Sonraíonn sé an oirlíne sa chearnóg. |
Northing | fada | ceann ar bith nó ceann amháin | Sonraíonn sé an tuaidhlíne sa chearnóg. |
placeProperty
Déanann sé cur síos ar airí a bhaineann le háit ar leith.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Extent | teaghrán | ceann amháin | Sonraíonn sé baint an airí le háit ar leith. Más all atá ann, baineann an t-airí leis an áit uile. Más part atá ann, ní bhaineann an t-airí ach le cuid den áit. |
image
Déanann sé cur síos ar thaifead scanta ó chartlann an Bhrainse Logainmneacha.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
FileName | teaghrán | ceann amháin | Ainm an chomhaid íomhá. |
LabelEN | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Cur síos Béarla ar chatagóir na híomhá, má tá sé ar eolas. |
LabelGA | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Cur síos Gaeilge ar chatagóir na híomhá, má tá sé ar eolas. |
Uri | teaghrán | ceann amháin | URI na híomhá. |
resource
Déanann sé cur síos ar acmhainn logainmníochta atá ar fáil ar logainm.ie.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | slánuimhir | ceann amháin | Aitheantóir na hacmhainne. |
TypeID | teaghrán | ceann amháin | Aithníonn sé an cineál acmhainne atá ann. |
TitleEN | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Teideal Béarla na hacmhainne. |
TitleGA | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Teideal Gaeilge na hacmhainne. |
PageReference | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Sonraíonn sé an leathanach, nó na leathanaigh, laistigh den acmhainn a bhaineann le háit ar leith, más bainteach. |
Supplier | supplier |
ceann ar bith nó ceann amháin | Meiteashonraí a bhaineann le foilsitheoir/soláthraí na hacmhainne. |
typeID
Seo a leanas luachanna féideartha an airí typeID
:
Luach | Cur síos |
---|---|
jpg | Íomhá JPEG. |
Doiciméad PDF. | |
zip | Zipchomhad. |
supplier
Meiteashonraí a bhaineann le foilsitheoir/soláthraí na hacmhainne logainmníochta.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | slánuimhir | ceann amháin | Aitheantóir an tsoláthraí. |
NameEN | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Ainm Béarla an tsoláthraí. |
NameGA | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Ainm Gaeilge an tsoláthraí. |
link
Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí gaolmhara in acmhainn sheachtrach.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Type | teaghrán | ceann amháin | Cineál na hacmhainne seachtraí. Áirítear le hacmhainní seachtracha Tailte Éireann (OSI), Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Wikipedia, Geonames, etc. |
Target | teaghrán | ceann amháin | Sprioc an naisc. D'fhéadfadh URI, URL nó aitheantóir eile a bheith i gceist leis seo, ag brath ar an gcineál acmhainne atá ann. |
Type
Seo a leanas luachanna féideartha airí an chineáil naisc:
Luach | Cur síos |
---|---|
CavanTownlands | Is URL iontráil Cavan Townlands é an nasc. |
Geonames | Is URL iontráil Geonames é an nasc. |
Osi | Is aitheantóir acmhainne de chuid Tailte Éireann (Suirbhéireacht Ordanáis Éireann mar a bhí) é an nasc. Nóta: Is é Osi atá mar luach an airí go fóill chun comhoiriúnacht shiarghabhálach a chinntiú. Is dócha go dtiocfaidh athrú air seo sa chéad mhórleagan eile den API. |
OsNi | Is aitheantóir acmhainne de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Thuaisceart Éireann é an nasc. |
PlacenamesNi | Is aitheantóir acmhainne de chuid Logainmneacha Thuaisceart Éireann é an nasc. |
WikipediaEn | Is URL le haghaidh iontráil Bhéarla Wikipedia é an nasc. |
WikipediaGa | Is URL le haghaidh iontráil Ghaeilge Wikipedia é an nasc. |
biographyLink
Cuireann sé naisc ar fáil le sonraí beathaisnéiseacha ó ainm.ie a bhaineann le haon duine a rugadh in áit ar leith.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | teaghrán | ceann amháin | Aitheantóir ainm.ie na beathaisnéise. |
Title | slánuimhir | ceann amháin | Teideal na beathaisnéise. |
Uri | slánuimhir | ceann amháin | URI bheathaisnéis ainm.ie. |
folkloreLink
Cuireann sé nasc ar fáil le sonraí béaloidis ó dúchas.ie a bhaineann le háit ar leith.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Type | teaghrán | ceann amháin | Cineál na hacmhainne seachtraí. Faoi láthair, déanfaidh sé seo cur síos i gcónaí ar acmhainní ó thionscadal Dúchas. |
UriEN | teaghrán | ceann amháin | URI acmhainn na sonraí béaloidis (comhéadan Béarla). |
UriGA | teaghrán | ceann amháin | URI acmhainn na sonraí béaloidis (comhéadan Gaeilge). |
sameAs
Sonraíonn sé comhthagairt d'áit ar leith i dtacair sonraí seachas Bunachar Logainmneacha na hÉireann. I gcomhréir le míniú SameAs Ointeolaíocht OWL.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
Uri | teaghrán | ceann amháin | URI na hacmhainne seachtraí. |
referenceList
Tá liosta ina bhfuil oibiacht tagartha amháin nó níos mó, má aimsítear iad, agus meiteashonraí breise a bhaineann leis an iarratas san oibiacht seo.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
TotalCount | slánuimhir | ceann amháin | Líon iomlán na dtaifead a aisghabhadh. |
TotalPages | slánuimhir | ceann amháin | Líon iomlán na leathanach sa tacar torthaí. |
CurrentPage | slánuimhir | ceann amháin | An uimhir leathanaigh reatha. |
CountPerPage | slánuimhir | ceann amháin | An t-uaslíon torthaí a thugtar in aghaidh an leathanaigh. |
Results | category nó glossary nó place |
ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Na taifid a aisghabhadh. |
category
Déanann sé cur síos ar chatagóir áite. Cuimsíonn catagóirí aonaid riaracháin agus gnéithe geografacha. D'fhéadfadh catagóir amháin, nó níos mó, teacht ar ais mar chuid d'oibiacht place
nó d'fhéadfaí teacht ar liosta tagartha d'oibiachtaí category
ón gcríochphointe API cuí.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | teaghrán | ceann amháin | Aitheantóir na catagóire. |
NameEN | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Ainm Béarla na catagóire. |
NameGA | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Ainm Gaeilge na catagóire. |
NamePluralEN | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Uimhir iolra ainm Béarla na catagóire. |
NamePluralGA | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Uimhir iolra ainm Gaeilge na catagóire. |
Count | slánuimhir | ceann ar bith nó ceann amháin | Líon na logainmneacha a bhaineann leis an gcatagóir seo, má tá sé ar eolas. |
glossary
Déanann sé cur síos ar thacar d'fhocail ghaolmhara a fhaightear go minic i logainmneacha na hÉireann. D'fhéadfadh iontráil gluaise amháin, nó níos mó, teacht ar ais mar chuid d'oibiacht place
nó d'fhéadfaí liosta tagartha d'oibiachtaí glossary
ón gcríochphointe API cuí a fháil.
Ainm an airí | Cineál | Bunuimhreacht | Cur síos |
---|---|---|---|
ID | slánuimhir | ceann amháin | Aitheantóir na hiontrála gluaise. |
Headword | teaghrán | ceann amháin | Ceannfhocal na hiontrála gluaise. |
Translation | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin | Aistriúchán Béarla ar cheannfhocal na gluaise. |
Forms | teaghrán | ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor | Litrithe eile ar cheannfhocal na gluaise. |
Count | slánuimhir | ceann ar bith nó ceann amháin | Líon na logainmneacha a bhaineann leis an iontráil ghluaise seo, má tá sé ar eolas. |