Foclóir sonraí (Leagan 0.6)

Tabhair faoi deara: Déantar cur síos sa doiciméad seo ar leagan réamheisiúna de API Dúchas. Tá gnéithe á gcur leis ar bhonn leanúnach. Déanfar athbhreithniú ar an doiciméad seo roimh eisiúint v1.0. Cuirimid fáilte roimh aiseolas ag gaois@dcu.ie.

Déantar cur síos sa doiciméad seo ar struchtúr sonraí na dtorthaí a chuirtear ar fáil trí Chomhéadan Feidhmchláir (API) Dúchas. Is tionscadal é Dúchas a chuir tús le digitiú Chnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ). Téigh i gcomhairle le doiciméid an fhorbróra chun eolas ginearálta ar API agus treoirlínte an fhorbróra a fháil.

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní (CBÉ)

Tá scéalta, cuntais, ceistneoirí, dialanna agus ábhar eile a ceanglaíodh ina n-imleabhair sa Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní. Seasann eintiteas volume do gach imleabhar sa tacar sonraí agus seasann eintiteas page do gach leathanach. Tá tagairt i ngach eintiteas page freisin a aithníonn an íomhá scanta den leathanach. Le chéile, seasann eintitis volume agus page do struchtúr fisiciúil an bhailiúcháin. Tá struchtúr loighciúil ann chomh maith a anótálann agus a innéacsaíonn an struchtúr fisiciúil. Tá eintitis part agus item ann.

Seasann eintiteas part do chuid ar leith laistigh d'imleabhar lámhscríbhinne agus seans go raibh sé scartha ó ábhar eile san imleabhar ar dtús. Tagann sé le ball msPart a shonraítear i dTreoirlínte P5 Text Encoding Initiative (TEI). Seasann eintiteas item d'obair scoite, amhail scéal nó iontráil dialainne. Tagann sé le ball TEI msItem. Tabhair faoi deara go bhfuil an mhapáil idir míreanna agus leathanaigh mórán le mórán: d'fhéadfadh mír roinnt leathanach a chuimsiú agus d'fhéadfadh leathanach roinnt míreanna a chur san áireamh. Tá sonraí mionsonraithe in eintiteas item ar na daoine a scríobh é, chomh maith leis an ábhar lena mbaineann sé agus sonraí eile.

D'fhéadfaí oibiacht volume amháin, nó níos mó, a fháil ó iarratais ar an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní. Déantar cur síos san eolas thíos ar airíonna an chineáil oibiachta seo.

An Príomhbhailiúchán volume

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an imleabhair (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil. Léiríonn sé seo na nuashonruithe is déanaí ar chodanna agus ar mhíreanna na lámhscríbhinne, chomh maith le nuashonruithe ar mheiteashonraí an imleabhair féin.
VolumeNumber teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Uimhir tagartha cartlainne CBÉ an imleabhair.
Status slánuimhir ceann amháin Sonraíonn sé stádas eagarthóireachta na hiontrála. (Faoi phribhléid)
Pages page ceann amháin Meiteashonraí a dhéanann cur síos ar leathanaigh fhisiciúla an imleabhair.
Parts part ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a dhéanann cur síos ar na codanna loighciúla a fhoroinneann imleabhar na lámhscríbhinne agus a bhfuil ann.

An Príomhbhailiúchán page

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an leathanaigh (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
PageNumber teaghrán ceann amháin Uimhir an leathanaigh.
ListingOrder teaghrán ceann amháin Ord liostaithe an leathanaigh laistigh den bhailiúchán. Bíonn sé seo díreach mar an gcéanna le huimhir an leathanaigh atá scríofa ar an leathanach féin de ghnáth, ach ní bhíonn sé amhlaidh i gcónaí.
TitlePage Boole ceann ar bith nó ceann amháin Léiríonn sé gur leathanach teidil é seo a bhaineann le cuid de lámhscríbhinn.
ImageFileName teaghrán ceann amháin Ainm an chomhaid a aithníonn an íomhá scanta den leathanach.
Sensitive Boole ceann amháin Má tá sé fíor, tá ábhar íogair ar an leathanach agus níor cheart é a chur ar fáil go poiblí. (Faoi phribhléid)

An Príomhbhailiúchán part

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir na coda (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
ListingOrder teaghrán ceann amháin Ord liostaithe na coda den lámhscríbhinn laistigh den imleabhair.
TitlePages slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do leathanaigh theidil a bhaineann leis an gcuid den lámhscríbhinn. D’fhéadfadh teideal ginearálta, eolas ar bhailitheoirí nó focail réamhráiteacha eile a bheith ar na leathanaigh theidil.
Date date ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a bhaineann leis an dáta nó leis an tréimhse inar tiomsaíodh an chuid den lámhscríbhinn, má tá sé ar eolas.
Counties county ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé don chontae, nó do na contaetha, in Éirinn a bhaineann leis an gcuid den lámhscríbhinn.
LocationsIreland locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, in Éirinn a bhaineann leis an gcuid den lámhscríbhinn.
Countries country ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do thír, nó do thíortha, seachas Éire, a bhaineann leis an gcuid den lámhscríbhinn.
LocationsAbroad locationAbroad ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, lasmuigh d'Éirinn a bhaineann leis an gcuid den lámhscríbhinn.
Collectors person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, a bhfuil baint acu leis an ábhar a bhailiú.
Informants person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, óna bhfuarthas ábhar agus an chuid den lámhscríbhinn á tiomsú.
RelevantPersons person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, a ndéantar tagairt dóibh laistigh den chuid den lámhscríbhinn, nó a bhaineann léi.
ExtraInfoStatus teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sonraíonn sé stádas foilsithe na réimsí ExtraInfoEN agus ExtraInfoGA.
ExtraInfoEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht saorthéacs ar an gcuid den lámhscríbhinn (i mBéarla). Scríobhadh mar chuid de thionscadal Dúchas iad.
ExtraInfoGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht saorthéacs ar an gcuid den lámhscríbhinn (i nGaeilge). Scríobhadh mar chuid de thionscadal Dúchas iad.
Items item ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Meiteashonraí a dhéanann cur síos ar mhíreanna scoite atá sa chuid den lámhscríbhinn.

An Príomhbhailiúchán item

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir na míre (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
EditorsPick am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé don dáta ar úsáideadh an mhír mar 'Rogha na Seachtaine' ar dúchas.ie, má úsáideadh í.
Sensitive Boole ceann amháin Má tá sé fíor, tá ábhar íogair sa mhír agus níor cheart í a chur ar fáil go poiblí. (Faoi phribhléid)
ListingOrder teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ord liostaithe na míre laistigh den lámhscríbhinn ina bhfaightear í. Cinntear ord na míreanna, ar an gcéad ásc, ach uimhir thosaigh an leathanaigh a úsáid ach d’fhéadfaí an t-airí listingOrder a úsáid, mar shampla, chun ord dhá mhír, nó níos mó, ar leathanach amháin a léiriú.
Date date ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a bhaineann leis an dáta nó leis an tréimhse inar tiomsaíodh an mhír den lámhscríbhinn, má tá sé ar eolas.
Title teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Teideal na míre, má chuirtear ar fáil é.
Extract teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sliocht gairid ó théacs na míre. Cuirtear ar fáil de ghnáth é mura féidir airí title a shonrú.
Pages slánuimhir ceann amháin nó go leor Sonraíonn sé aitheantóir(í) an leathanaigh a bhaineann leis an mír.
FirstPageID slánuimhir ceann amháin Aithníonn sé an leathanach tosaigh a bhaineann leis an mír. Tabhair faoi deara mura gcuimsíonn an mhír níos mó ná leathanach amháin, beidh an luach céanna uirthi agus atá ar LastPageID.
LastPageID slánuimhir ceann amháin Aithníonn sé an leathanach deiridh a bhaineann leis an mír. Tabhair faoi deara mura gcuimsíonn an mhír níos mó ná leathanach amháin, beidh an luach céanna uirthi agus atá ar FirstPageID.
ContentType teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin contenttype na míre den lámhscríbhinn.
ContentModes teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do contentmode nó do mhodh(anna) scríbhneoireachta na míre den lámhscríbhinn.
ContentScripts ISO 15924 cód scripte ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do scripteanna scríbhneoireachta na míre den lámhscríbhinn.
Languages cód teanga ISO 639-1 ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do theanga(cha) scríbhneoireachta na míre den lámhscríbhinn.
Counties county ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do chontae, nó do chontaetha, riaracháin in Éirinn a bhaineann leis an mír den lámhscríbhinn.
LocationsIreland locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, in Éirinn a bhaineann leis an mír den lámhscríbhinn.
Countries country ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do thír, nó do thíortha, seachas Éire, a bhaineann leis an mír den lámhscríbhinn.
LocationsAbroad locationAbroad ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, lasmuigh d'Éirinn a bhaineann leis an mír den lámhscríbhinn.
Collectors person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, a bhfuil baint acu leis an ábhar a bhailiú.
Informants person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, óna bhfuarthas ábhar agus an mhír den lámhscríbhinn á tiomsú.
RelevantPersons person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, a ndéantar tagairt dóibh laistigh den mhír den lámhscríbhinn, nó a bhaineann léi.
LinkedItems ManuscriptItemLink ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do mhír amháin, nó níos mó, de lámhscríbhinn a bhaineann go díreach leis an mír seo. Nascann caidreamh seicheamhach na míreanna le chéile de ghnáth (e.g. tagann na míreanna eile roimh an mír reatha nó i ndiaidh na míre reatha i sraith scéalta leanúnacha nó gaolmhara).
ExtraInfoStatus teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sonraíonn sé stádas foilsithe na réimsí ExtraInfoEN agus ExtraInfoGA. (Faoi phribhléid)
ExtraInfoEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht saorthéacs ar an mír den lámhscríbhinn (i mBéarla). Scríobhadh mar chuid de thionscadal Dúchas iad.
ExtraInfoGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht saorthéacs ar an mír den lámhscríbhinn (i nGaeilge). Scríobhadh mar chuid de thionscadal Dúchas iad.

contentType

Luach Cur síos
SEAN Seanchas.
CÍN-LAE Iontráil dialainne.
CEIST Ceistneoir.
COMH Comhfhreagras.

contentMode

Luach Cur síos
LÁMH Téacs lámhscríofa.
CLÓ Téacs clóscríofa.
LÍN Líníocht.

manuscriptItemLink

Seasann sé do chaidreamh díreach idir dhá am lámhscríbhinne. Nascann caidreamh seicheamhach na míreanna le chéile de ghnáth (e.g. tagann na míreanna eile roimh an mír reatha nó i ndiaidh na míre reatha i scéalta leanúnacha nó gaolmhara).

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
PartID slánuimhir ceann amháin An t-aitheantóir part a bhaineann leis an mír den lámhscríbhinn nasctha.
PageID slánuimhir ceann amháin An t-aitheantóir page a bhaineann leis an leathanach tosaigh den mhír den lámhscríbhinn nasctha.
ItemID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir item na lámhscríbhinne nasctha.
Sequence teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Déanann sé cur síos ar chaidreamh seicheamhach na míre nasctha (PREV má thagann an mhír nasctha roimh an mír reatha sa seicheamh; NEXT má thagann an mhír nasctha ina diaidh).

Bailiúchán na Scol (CBÉS)

Tá scéalta agus cuntais a ceanglaíodh ina n-imleabhair i mBailiúchán na Scol. Seasann eintiteas volume do gach imleabhar sa tacar sonraí agus seasann eintiteas page do gach leathanach. Tá tagairt i ngach eintiteas page freisin a aithníonn an íomhá scanta den leathanach. Le chéile, seasann eintitis volume agus page do struchtúr fisiciúil an bhailiúcháin. Tá struchtúr loighciúil ann chomh maith a anótálann agus a innéacsaíonn an struchtúr fisiciúil. Tá eintitis part agus item ann.

Seasann eintiteas part do chuid ar leith laistigh d'imleabhar lámhscríbhinne agus seans go raibh sé scartha ó ábhar eile san imleabhar ar dtús. Tagann sé le ball msPart a shonraítear i dTreoirlínte P5 Text Encoding Initiative (TEI). I mBailiúchán na Scol, cuimsíonn part ábhar a bhailigh scoil amháin. I gcás scoileanna inar ghlac múinteoirí agus/nó grúpaí ranga éagsúla páirt i Scéim na Scol, d’fhéadfadh eintitis éagsúla part a bheith bainteach le scoil amháin. San API XML-bhunaithe a bhí ann roimhe seo, tugadh caibidlí ar chodanna lámhscríbhinne.

Seasann eintiteas item do shaothar scoite, ar nós scéil. Tagann sé le ball TEI msItem. Tabhair faoi deara go bhfuil an mhapáil idir míreanna agus leathanaigh mórán le mórán: d'fhéadfadh mír roinnt leathanach a chuimsiú agus d'fhéadfadh leathanach roinnt míreanna a chur san áireamh. Tá sonraí mionsonraithe in eintiteas item ar na daoine a scríobh é, chomh maith leis an ábhar lena mbaineann sé agus sonraí eile. San API XML-bhunaithe a bhí ann roimhe seo, tugadh scéalta ar mhíreanna lámhscríbhinne.

D'fhéadfaí oibiacht volume amháin, nó níos mó, a fháil ó iarratais ar Bhailiúchán na Scol. Déantar cur síos san eolas thíos ar airíonna an chineáil oibiachta seo.

Bailiúchán na Scol volume

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an imleabhair (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil. Léiríonn sé seo na nuashonruithe is déanaí ar chodanna na lámhscríbhinne, ar mhíreanna na lámhscríbhinne, agus ar thras-scríbhinní nua nó nuashonraithe leathanaigh, chomh maith le nuashonruithe ar mheiteashonraí an imleabhair féin.
VolumeNumber teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Uimhir tagartha cartlainne CBÉ an imleabhair.
Status slánuimhir ceann amháin Sonraíonn sé stádas eagarthóireachta na hiontrála. (Faoi phribhléid)
Type teaghrán ceann amháin Déanann sé idirdhealú idir an cineál imleabhair de chuid Bhailiúchán na Scol atá ann.
Pages page ceann amháin Meiteashonraí a dhéanann cur síos ar leathanaigh fhisiciúla an imleabhair.
Parts part ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a dhéanann cur síos ar na codanna loighciúla a fhoroinneann imleabhar na lámhscríbhinne agus a bhfuil ann.

type

Luach Cur síos
bound-volume Tá codanna a bhí scartha ar dtús ach a ceanglaíodh le chéile san imleabhar.
copybook-package Tá na bunchóipleabhair a d’úsáid na páistí chun ábhair béaloidis a thras-scríobh san imleabhar.
volume Tá an t-imleabhar ar aon dul leis na himleabhair a cruthaíodh mar chuid de scéim bailithe Scéim na Scol.

Bailiúchán na Scol page

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an leathanaigh (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
PageNumber teaghrán ceann amháin Uimhir an leathanaigh.
ListingOrder teaghrán ceann amháin Ord liostaithe an leathanaigh laistigh den bhailiúchán. Bíonn sé seo díreach mar an gcéanna le huimhir an leathanaigh atá scríofa ar an leathanach féin de ghnáth, ach ní bhíonn sé amhlaidh i gcónaí.
TitlePage Boole ceann ar bith nó ceann amháin Léiríonn sé gur leathanach teidil é seo a bhaineann le cuid de lámhscríbhinn.
ImageFileName teaghrán ceann amháin Ainm an chomhaid a aithníonn an íomhá scanta den leathanach.
Sensitive Boole ceann amháin Má tá sé fíor, tá ábhar íogair ar an leathanach agus níor cheart é a chur ar fáil go poiblí. (Faoi phribhléid)
Transcripts transcript ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Tras-scríbhinn amháin, nó níos mó, den ábhar ar leathanach na lámhscríbhinne a chuir baill de thionscadal tras-scríofa Meitheal Dúchas.ie ar fáil.

Bailiúchán na Scol part

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir na coda (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
ListingOrder teaghrán ceann amháin Ord liostaithe na coda den lámhscríbhinn laistigh den imleabhair.
TitlePages slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin nó níos mó Seasann sé do leathanaigh theidil a bhaineann leis an gcuid den lámhscríbhinn. De ghnáth, bíonn eolas ar an scoil agus ar an gceantar áitiúil ar na leathanaigh theidil.
School school ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a dhéanann cur síos ar an scoil a bhaineann leis an gcuid den lámhscríbhinn.
Teachers person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do mhúinteoir, nó do mhúinteoirí, scoile a thiomsaigh an t-ábhar laistigh den chuid den lámhscríbhinn.
Items item ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Meiteashonraí a dhéanann cur síos ar mhíreanna scoite atá sa chuid den lámhscríbhinn.

Bailiúchán na Scol item

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir na míre (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
EditorsPick am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé don dáta ar úsáideadh an mhír mar 'Rogha na Seachtaine' ar dúchas.ie, má úsáideadh í.
Sensitive Boole ceann amháin Má tá sé fíor, tá ábhar íogair sa mhír agus níor cheart í a chur ar fáil go poiblí. (Faoi phribhléid)
ListingOrder teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ord liostaithe na míre laistigh den lámhscríbhinn ina bhfaightear í. Cinntear ord na míreanna, ar an gcéad ásc, ach uimhir thosaigh an leathanaigh a úsáid ach d’fhéadfaí an t-airí listingOrder a úsáid, mar shampla, chun ord dhá mhír, nó níos mó, ar leathanach amháin a léiriú.
Title teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Teideal na míre, má chuirtear ar fáil é.
Extract teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sliocht gairid ó théacs na míre. Cuirtear ar fáil de ghnáth é mura féidir airí title a shonrú.
Pages slánuimhir ceann amháin nó go leor Sonraíonn sé aitheantóir(í) an leathanaigh a bhaineann leis an mír.
FirstPageID slánuimhir ceann amháin Aithníonn sé an leathanach tosaigh a bhaineann leis an mír. Tabhair faoi deara mura gcuimsíonn an mhír níos mó ná leathanach amháin, beidh an luach céanna uirthi agus atá ar LastPageID.
LastPageID slánuimhir ceann amháin Aithníonn sé an leathanach deiridh a bhaineann leis an mír. Tabhair faoi deara mura gcuimsíonn an mhír níos mó ná leathanach amháin, beidh an luach céanna uirthi agus atá ar FirstPageID.
Topics topic ceann ar bith nó ceann amháin Topaic, nó topaicí, ó Chlár Ábhar Bhailiúchán na Scol a bhaineann leis an mír seo.
Languages cód teanga ISO 639-1 ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do theanga(cha) scríbhneoireachta na míre den lámhscríbhinn.
Counties county ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do chontae, nó do chontaetha, riaracháin in Éirinn a bhaineann leis an mír den lámhscríbhinn seachas na contaetha a bhaineann leis an scoil nó le háit chónaithe an fhaisnéiseora.
LocationsIreland locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, in Éirinn a bhaineann leis an mír den lámhscríbhinn, seachas na suíomhanna a bhaineann leis an scoil nó le háit chónaithe an fhaisnéiseora.
Collectors person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, a bhfuil baint acu leis an mír den lámhscríbhinn a bhailiú.
Informants person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhuine, nó do dhaoine, óna bhfuarthas an mhír den lámhscríbhinn.

Bailiúchán na Scol person

De bharr scóip thionscadal digitithe Bhailiúchán na Scoil, ní raibh sé indéanta go fóill tacar normalaithe meiteashonraí pearsanta a asbhaint. Ina ionad sin, bhí sé mar aidhm ag céimeanna tosaigh an tionscadail eolas a fháil ar na daoine a dtagraítear dóibh laistigh den bhailiúchán 'mar atá'. Mar sin de, tá seans ann go ndéanfaí tagairt don duine céanna le níos mó ná eintiteas person amháin.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an duine.
Names name ceann amháin nó go leor Ainmneacha a bhaineann leis an duine.
Gender teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Inscne an duine (bf).
Age age ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí maidir le haois an duine.
AddressesIreland locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, in Éirinn a thugtar mar sheoladh an duine.
Occupations teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Gairmeacha a bhaineann leis an duine. Níl na gairmeacha nasctha le foclóir rialaithe: taifeadann siad gairmeacha an duine de réir mar a scríobhadh síos iad agus d’fhéadfadh siad a bheith i mBéarla nó i nGaeilge.
CollectorRelationship teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Más faisnéiseoir é an duine seo, léiríonn an t-airí seo an caidreamh (teaghlaigh nó eile) atá ag an bhfaisnéiseoir maidir leis an duine a bhailíonn an t-ábhar.

CollectorRelationship

Luach Cur síos
GRPAR Seantuismitheoir an bhailitheora atá i gceist.
PAR Tuismitheoir an bhailitheora atá i gceist.
REL Tá gaol ag an duine leis an mbailitheoir (tá an caidreamh neamhshonraithe).
UNK Tá an caidreamh anaithnid.
UNREL Níl gaol ag an duine leis an mbailitheoir.

Bailiúchán na Scol age

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Age slánuimhir ceann amháin Aois an duine i mblianta, má tá sé ar eolas.
Qualifier teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Eolas breise maidir le haois an duine.
RangeMax slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Mura bhfuil sé ar neamhní, sonraítear sa luach seo uasaois fhéideartha an duine, i.e. más ionann age an duine agus 50 agus más ionann an RangeMax agus 60, tá aois an duine sa raon idir 50-60 bliain.

Qualifier

Luach Cur síos
APPROX Garbhaois atá ann.
OVER Tá aois cheart an duine níos airde ná luach age, e.g. tá an duine 'níos sine ná 60'.

school

Déanann sé cur síos ar scoil a ghlac páirt i scéim bailithe Scéim na Scol.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur Síos
Name teaghrán ceann amháin Ainm na scoile.
RollNumber teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Uimhir rolla na Roinne Oideachais de chuid na scoile.
Locations locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Suíomh, nó suíomhanna, a bhaineann leis an scoil.

Bailiúchán na Scol topic

Léiríonn sé topaic ó Chlár Ábhar Bhailiúchán na Scol. Tabhair faoi deara go mbíonn na topaicí ordlathach agus go mbeidh sonraí i dtopaic ar leith a bhaineann le catagóirí réamhtheachtacha na topaice, má bhaineann sé le hábhar.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir na topaice.
TitleEN teaghrán ceann amháin Teideal Béarla na topaice.
TitleGA teaghrán ceann amháin Teideal Gaeilge na topaice.
SubTopics topic ceann ar bith nó ceann amháin Sliochtnóid ordlathacha na topaice seo.

An Bailiúchán Grianghraf (CBÉG)

D’fhéadfaí oibiacht photograph amháin, nó níos mó, a fháil ó iarratais ar an mBailiúchán Grianghraf. Déantar cur síos san eolas thíos ar airíonna an chineáil oibiachta seo.

photograph

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an ghrianghraif (uathúil laistigh de bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
EditorsPick am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé don dáta ar úsáideadh an mhír mar 'Rogha na Seachtaine' ar dúchas.ie, má úsáideadh í.
ReferenceNumber teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tagairt chartlainne CBÉ an ghrianghraif.
Status slánuimhir ceann amháin Sonraíonn sé stádas eagarthóireachta na hiontrála. (Faoi phribhléid)
Sensitive Boole ceann amháin Má tá sé fíor, tá ábhar íogair sa mhír agus níor cheart í a chur ar fáil go poiblí. (Faoi phribhléid)
Digitized Boole ceann amháin Má tá sé fíor, baineann an iontráil le híomhá dhigitithe.
Copyright teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé do shealbhóir cóipchirt na hiontrála.
Condition slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé do bhail nó do shoiléire iomlán na híomhá digitithe a bhaineann leis an iontráil seo.
ConditionDescription teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht bhreise ar bhail na híomhá, más cuí.
HandbookTopic handbookTopic ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don cheannteideal (topaic) gaolmhar ábhair in A Handbook of Irish Folklore le Seán Ó Súilleabháin.
Date date ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a bhaineann leis an dáta ar glacadh an grianghraf.
Photographer person ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don duine a ghlac an grianghraf.
RelevantPersons person ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do dhaoine atá le feiceáil sa ghrianghraf, nó atá bainteach ar bhealach eile leis.
Counties county ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do chontae, nó do chontaetha, riaracháin in Éirinn inar glacadh an grianghraf.
LocationsIreland locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, in Éirinn a bhaineann leis an ngrianghraf.
Countries country ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do thír, nó do thíortha, seachas Éire, a bhaineann leis an ngrianghraf.
LocationsAbroad locationAbroad ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, lasmuigh d'Éirinn a bhaineann leis an ngrianghraf.
ArchivedDescriptionStatus teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sonraíonn sé stádas foilsithe an réimse ArchivedDescription. (Faoi phribhléid)
ArchivedDescription teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Cur síos cartlainne saorthéacs ar an ngrianghraf. Iompórtáladh ón gcóras bainistíochta sonraí de chuid CBÉ a bhí ann roimhe seo é ag tús an phróisis digitithe.
ExtraInfoStatus teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sonraíonn sé stádas na réimsí ExtraInfoEN agus ExtraInfoGA. (Faoi phribhléid)
ExtraInfoEN teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht saorthéacs ar an ngrianghraf (i mBéarla). Scríobhadh mar chuid de thionscadal Dúchas í.
ExtraInfoGA teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht saorthéacs ar an ngrianghraf (i nGaeilge). Scríobhadh mar chuid de thionscadal Dúchas í.
Formats format ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Déanann sé cur síos ar fhormáid na híomhá fisiciúla atá ag CBÉ agus a bhaineann leis an iontráil.
ArchivedInfo archivedInfo ceann ar bith nó ceann amháin Cuimsíonn sé an t-eolas cartlainne a iompórtáladh ón gcóras bainistíochta sonraí de chuid CBÉ a bhí ann roimhe seo ag tús an phróisis digitithe. (Faoi phribhléid)
Digitization digitization ceann ar bith nó ceann amháin Meiteashonraí a bhaineann le digitiú íomhá nó íomhánna na cartlainne a bhaineann leis an iontráil.

copyright

Luach Cur síos
CBE Is é CBÉ an sealbhóir cóipchirt.
OTH Tá cóipcheart ag eintiteas eile seachas CBÉ.
NOT Ní bhaineann cóipcheart le hábhar.
UNK Tá an stádas cóipchirt anaithnid.

condition

Luach Cur síos
0 Drochbhail.
1 Meán-bhail.
2 Dea-bhail.

archivedDescriptionStatus

Sonraíonn sé stádas foilsithe an réimse archivedDescription.

Luach Cur síos
EDIT Níl an réimse ArchivedDescription oiriúnach le foilsiú.
PUB Tá an réimse ArchivedDescription oiriúnach le foilsiú.

handbookTopic

Seasann sé do cheannteideal (topaic) ábhair in A Handbook of Irish Folklore le Seán Ó Súilleabháin. Bhí sé mar chleachtas ag CBÉ grianghraif in CBÉG a cheangal le topaic sa lámhleabhar agus is ionann ID na topaice sa lámhleabhar agus an chéad deighleán de ReferenceNumber an ghrianghraif.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID teaghrán ceann amháin Aitheantóir uathúil na topaice.
TopicEN teaghrán ceann amháin Catagóir ghinearálta na topaice (i mBéarla).
TopicGA teaghrán ceann amháin Catagóir ghinearálta na topaice (i nGaeilge).
SubTopicEN teaghrán ceann amháin Catagóir shonrach na topaice (i mBéarla).
SubTopicGA teaghrán ceann amháin Catagóir shonrach na topaice (i nGaeilge).

format

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Quantity slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin An méid íomhánna san fhormáid seo atá ag CBÉ.
Color teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Cineál datha na híomhá.
ColorComment teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht bhreise maidir le cineál datha na híomhá.
Dimensions teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Toisí na híomhá fisiciúla.
DimensionsComment teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht bhreise maidir le toisí na híomhá.
Medium teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Meán na híomhá.
MediumComment teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht bhreise maidir le meán na híomhá.
Physical teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Carachtar fisiciúil na híomhá.
PhysicalComment teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Tráchtaireacht bhreise maidir le carachtar fisiciúil na híomhá.

archivedInfo

Mar chuid de thionscadal Dúchas, ionghabhadh meiteashonraí grianghraf ón gcóras bainistíochta sonraí de chuid CBÉ a bhí ann roimhe seo ar mhaithe le cartlannú. Coinníonn an oibiacht ArchivedInfo na meiteashonraí seo.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Copyright teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Sealbhóir cóipchirt an ghrianghraif.
Condition teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Bail fhisiciúil an ghrianghraif.
Topic teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ceannteideal (topaic) gaolmhar ábhair in A Handbook of Irish Folklore le Seán Ó Súilleabháin.
Date teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin An dáta ar glacadh an grianghraf.
Photographer teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ainm an ghrianghrafadóra.
Location teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin An áit ar glacadh an grianghraf.
Format teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Eolas maidir le formáid na n-íomhánna fisiciúla atá ag CBÉ.

digitization

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
DateCaptured teaghrán ceann amháin An dáta ar digitíodh an íomhá.
Operator teaghrán ceann amháin Ainm an oibritheora atá freagrach. (Faoi phribhléid)
CaptureDevice teaghrán ceann amháin An gléas gabhála a úsáideadh.
CaptureSoftware teaghrán ceann amháin Na bogearraí gabhála a úsáideadh.
SourceCondition teaghrán ceann amháin Bail na híomhá fisiciúla foinsí.
CopyNote teaghrán ceann amháin Cóip déanta den bhuníomhá (tá nó níl).
MimeType teaghrán ceann amháin An cineál MIME atá san íomhá dhigitithe.
ImageBitDepth teaghrán ceann amháin Doimhneacht datha na híomhá digitithe.
ImageEditor teaghrán ceann amháin Bogearraí eagarthóireachta íomhánna a úsáideadh.
ImageResolution teaghrán ceann amháin Taifeach na híomhá digitithe.
ImageSize teaghrán ceann amháin Méid picteilíní na híomhá digitithe.
FileSize teaghrán ceann amháin Méid comhaid na híomhá digitithe.
ComputerOS teaghrán ceann amháin An córas oibriúcháin a úsáideadh.
Storage teaghrán ceann amháin Sonraí stórála na híomhá.

An Bunachar Daoine (CBÉD)

D'fhéadfaí oibiacht person amháin, nó níos mó, a fháil ó iarratais ar an mBunachar Daoine. Déantar cur síos san eolas thíos ar airíonna an chineáil oibiachta seo

person

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir an duine (uathúil laistigh den bhailiúchán).
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an iontráil.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an iontráil.
Names name ceann amháin nó go leor Ainmneacha a bhaineann leis an duine.
Gender teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Inscne an duine (bf).
AinmID slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Aitheantóir uathúil an duine i mbunachar sonraí ainm.ie.
ViafID slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Aitheantóir uathúil an duine i mbunachar sonraí VIAF.
BirthDate date ceann ar bith nó ceann amháin Dáta breithe an duine.
DeathDate date ceann ar bith nó ceann amháin Dáta báis an duine.
BirthCounty county ceann ar bith nó ceann amháin An contae inar rugadh an duine, má rugadh in Éirinn é/í.
BirthPlaceIreland locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin An áit ar rugadh an duine, má rugadh in Éirinn é/í.
BirthCountry country ceann ar bith nó ceann amháin An tír inar rugadh an duine, má rugadh lasmuigh d'Éirinn é/í.
BirthPlaceAbroad locationAbroad ceann ar bith nó ceann amháin An áit ar rugadh an duine, má rugadh lasmuigh d'Éirinn é/í.
Counties county ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do chontae, nó do chontaetha, riaracháin in Éirinn a bhaineann leis an duine.
AddressesIreland locationIreland ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, in Éirinn a bhaineann leis an duine.
Countries country ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do thír, nó do thíortha, seachas Éire, a bhaineann leis an duine.
AddressesAbroad locationAbroad ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Seasann sé do shuíomh, nó do shuíomhanna, lasmuigh d'Éirinn a bhaineann leis an duine.
Occupations occupation ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Gairmeacha a bhaineann leis an duine.

name

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
FirstNames teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Céadainm(neacha), agus lárainm(neacha) nó leasainm(neacha), an duine.
Surname teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin An sloinne atá ar dhuine.
FullName teaghrán ceann amháin Ainm iomlán an duine, lena n-áirítear céadainm(neacha) agus sloinne.

occupation

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID teaghrán ceann amháin Aitheantóir uathúil na gairme.
NameEN teaghrán ceann amháin Ainm na gairme (i mBéarla).
NameGA teaghrán ceann amháin Ainm na gairme (i nGaeilge).

Eintitis choiteanna

Baineann roinnt eintiteas le bailiúcháin éagsúla. Déantar cur síos orthu thíos.

coordinates

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
Latitude dúbailte ceann amháin An chomhordanáid domhanleithid.
Longitude dúbailte ceann amháin An chomhordanáid domhanfhaid.

county

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
LogainmID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir uathúil an chontae i mbunachar sonraí logainm.ie.
NameEN teaghrán ceann amháin Ainm Béarla an chontae.
NameGA teaghrán ceann amháin Ainm Gaeilge an chontae.
QualifiedNameEN teaghrán ceann amháin Ainm Béarla an chontae, a bhfuil an cáilitheoir "Co." mar réimír leis.
QualifiedNameGA teaghrán ceann amháin Ainm Gaeilge an chontae, a bhfuil an cáilitheoir "Co." mar réimír leis agus ar cuireadh an cás agus an t-infhilleadh ceart gramadaí i bhfeidhm.
Coordinates coordinates ceann amháin Tacar comhordanáidí geografacha a bhaineann leis an gcontae.

country

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
IsoCode teaghrán ceann amháin Cód tíre ISO 3166 na tíre (féach an nóta thíos).
GeoNameID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir uathúil na tíre i mbunachar sonraí geonames.org.
NameEN teaghrán ceann amháin Ainm Béarla na tíre.
NameGA teaghrán ceann amháin Ainm Gaeilge na tíre.
Coordinates coordinates ceann amháin Tacar comhordanáidí geografacha a bhaineann leis an tír.

Tabhair faoi deara: Cloíonn cóid tíre san airí IsoCode le caighdeán ISO 3166-1 ach amháin Sasana (GB-ENG), Tuaisceart Éireann (GB-NIR), Albain (GB-SCT) agus an Bhreatain Bheag (GB-WLS) ina n-úsáidtear cód ISO 3166-2. I gcás na dtíortha seo, bhí sé riachtanach taifeach ní b’fhearr ná an taifeach a chuireann caighdeán ISO 3166-1 ar fáil a bheith iontu.

date

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
IsoDate am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Comhiomlánaíonn sé luachanna na n-airíonna Year, Month agus Day thíos i bhfoirm theaghrán am-dháta ISO 8601.
IsoStartDate am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Comhiomlánaíonn sé luachanna na n-airíonna PeriodStartYear, PeriodStartMonth agus PeriodStartDay thíos chun an dáta tosaigh a léiriú in eatramh ama.
IsoEndDate am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Comhiomlánaíonn sé luachanna na n-airíonna PeriodEndYear, PeriodEndMonth agus PeriodEndDay thíos chun an dáta deiridh a léiriú in eatramh ama.
IsoDuration am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Léiríonn sé an tréimhse ama idir na hairíonna IsoStartDate agus IsoEndDate, más cuí.
Accuracy teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Léiríonn sé cruinneas an eolais ar an dáta ach foclóir caighdeánach de chuid MODS (Scéimre um Chur Síos ar Oibiachtaí Meiteashonraí) maidir leis an gcáilitheoir dáta a úsáid.
Year slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don bhliain i bhformáid YYYY.
Month slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don mhí féilire (luachanna 1-12).
Day slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don lá den mhí (luachanna 1-31).
PeriodStartYear slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don bhliain tosaigh in eatramh ama i bhformáid YYYY.
PeriodStartMonth slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don mhí féilire tosaigh (luachanna 1-12) in eatramh ama.
PeriodStartDay slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don lá tosaigh den mhí (luachanna 1-31) in eatramh ama.
PeriodEndYear slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don bhliain deiridh in eatramh ama i bhformáid YYYY .
PeriodEndMonth slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don mhí féilire deiridh (luachanna 1-12) in eatramh ama.
PeriodEndDay slánuimhir ceann ar bith nó ceann amháin Seasann sé don lá deiridh den mhí (luachanna 1-31) in eatramh ama.

Accuracy

Léiríonn an t-airí seo cruinneas an eolais ar an dáta ach foclóir caighdeánach de chuid MODS (Scéimre um Chur Síos ar Oibiachtaí Meiteashonraí) maidir leis an gcáilitheoir dáta a úsáid.

Luach Cur síos
APPROX Garluach atá ann.
INFER Meastachán atá ann.
QUESTION Táthar in amhras faoin dáta.

locationAbroad

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
GeoNameID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir uathúil an tsuímh i mbunachar sonraí geonames.org.
NameEN teaghrán ceann amháin Ainm an tsuímh (i mBéarla).
NameGA teaghrán ceann amháin Ainm an tsuímh (i nGaeilge).
Coordinates coordinates ceann amháin Comhordanáidí geografacha an tsuímh.
Country country ceann amháin An tír ina bhfuil an suíomh.

locationIreland

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
LogainmID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir uathúil an tsuímh i mbunachar sonraí logainm.ie.
NameEN teaghrán ceann amháin Ainm an tsuímh (i mBéarla).
NameGA teaghrán ceann amháin Ainm an tsuímh (i nGaeilge).
Coordinates coordinates ceann amháin Comhordanáidí geografacha an tsuímh.
Counties county ceann amháin nó go leor An contae, nó na contaetha, ina bhfuil an suíomh.

transcript

Tras-scríbhinn d’ábhar ar leathanach lámhscríbhinne a chuir baill den tionscadal tras-scríofa pobail Meitheal Dúchas.ie ar fáil. Cuirtear an t-ábhar tras-scríofa ar fáil faoi réir cheadúnas CC-BY-NC 4.0.

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir uathúil na tras-scríbhinne.
DateCreated am-dháta ISO 8601 ceann amháin An dáta agus an t-am a cruthaíodh an tras-scríbhinn.
DateModified am-dháta ISO 8601 ceann ar bith nó ceann amháin Dáta agus am an mhionathraithe is déanaí a rinneadh ar an tras-scríbhinn.
ItemID slánuimhir ceann amháin Aithníonn sé item na lámhscríbhinne a tras-scríobhadh.
Approved Boole ceann amháin Léiríonn sé ar faomhadh an tras-scríbhinn le haghaidh foilsiú nó nár faomhadh. Ní fhaomhtar tras-scríbhinní ó bhaill shóisearacha de Mheitheal Dúchas.ie go ndéanann ball d’fhoireann eagarthóireachta Dúchas athbhreithniú orthu. (Faoi phribhléid)
Moderated Boole ceann amháin Léiríonn sé an ndearna ball d'fhoireann eagarthóireachta Dúchas athbhreithniú ar an tras-scríbhinn nó nach ndearna. (Faoi phribhléid)
Text teaghrán ceann amháin Téacs na tras-scríbhinne.
Transcribers transcriber ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor Meiteashonraí a bhaineann le hoibrithe deonacha a chuir leis an tras-scríbhinn. Bíonn an luach seo folamh má rinne rannpháirtithe anaithnide an tras-scríbhinn.

transcriber

Ainm an airí Cineál Bunuimhreacht Cur síos
ID slánuimhir ceann amháin Aitheantóir uathúil an tras-scríobhaí.
Name teaghrán ceann ar bith nó ceann amháin Ainm an tras-scríobhaí. Má scrios an tras-scríobhaí a chuntas ina dhiaidh sin, tá an luach seo ar neamhní.

Luachanna coiteanna

Baineann roinnt airíonna a bhfuil luachanna caighdeánaithe orthu le bailiúcháin éagsúla. Déantar cur síos orthu thíos.

status

Sonraíonn sé stádas eagarthóireachta na hiontrála. Ní mheastar go bhfuil ach luach stádais de 4 réidh le foilsiú.

Luach Cur síos
0 Ionghabhadh an iontráil le déanaí.
1 Cuireadh an chéad scagadh eagarthóireachta i gcrích.
2 Cuireadh an chéad seiceáil eagarthóireachta i gcrích.
3 Cuireadh an dara scagadh eagarthóireachta i gcrích.
4 Cuireadh an dara seiceáil eagarthóireachta i gcrích.

extraInfoStatus

Sonraíonn sé stádas foilsithe an réimse extraInfo.

Luach Cur síos
EDIT Níl an réimse extraInfo, má tá sé ann, oiriúnach le foilsiú.
PUB Tá an réimse extraInfo, má tá sé ann, oiriúnach le foilsiú.
Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.