Loga athruithe

v0.6.0 / 2021-01-22

Athruithe

Athrú bristeach:

  • Athraíodh an bhunuimhreacht a bhaineann leis an airí editorsPick de chuid na n-oibiachtaí photograph agus item (lámhscríbhinní) ó 'ceann ar bith nó ceann amháin' go 'ceann ar bith nó ceann amháin nó go leor'. Léirítear an t-airí seo mar eagar in JSON anois. Aithnítear, dá thoradh seo, go bhféadfaí na hiontrálacha seo a shannadh mar rogha na seachtaine níos mó ná uair amháin.

v0.5.3 / 2020-02-08

Forbairtí breise

Athruithe

  • Leasaíodh an bhuntreoir leis na forbairtí i dtaca le CORS a chur in iúl.

v0.5.2 / 2019-10-24

Athruithe

  • Cuirtear an API ar fáil trí fhearann poiblí www.duchas.ie anois. Leasaíodh an doiciméadacht chun tagairtí don fhearann tástála a bhaint.

v0.5.1 / 2019-07-08

Forbairtí breise

  • Cuireadh na hairíonna DateCreated agus DateModified le gach oibíocht den chineál page sa Phríomhbhailiúchán agus i mBailiúchán na Scol.

Athruithe

  • Réitíodh fadhb a tharla nuair a rinneadh iarratas ar an bPríomhbhailiúchán nó ar Bhailiúchán na Scol agus na paraiméadair iarratais CreatedBefore, CreatedSince, ModifiedBeforeModifiedSince socraithe. Tharlaíodh aga freagartha fada agus/nó earráid stádas 500 uaireanta mar thoradh ar an bhfadhb seo.
  • Ní chuirtear ach leathanaigh imleabhair atá sannta san áireamh sa fhreagra a thugtar ar iarratais a bhfuil paraiméadair seachas VolumeIDVolumeNumber luaite leo. Is é sin nach seoltar ach leathanaigh atá sannta le mír imleabhair, nó atá marcáilte mar leathanaigh teidil, sa fhreagra. Fágtar leathanaigh atá bán ar lár ón bhfreagra. Déantar amhlaidh chun nach dtabharfar ach torthaí atá ábhartha sa fhreagra agus chun méid an phálasta sa fhreagra a laghdú. Moltar d'úsáideoirí ar mian leo idir leathanaigh shannta agus leathanaigh neamhshannta a fháil atriail tríd na bailiúcháin de réir aitheantóirí na n-imleabhar. Is féidir innéacs aitheantóirí imleabhair a fháil tríd na críochphointí /cbe/volumes agus /cbes/volumes.
Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.